An bhfuil grá buan aimsithe ag Carrie … just like that?

Tá Carrie agus Aidan ar ais le chéile, an bhfanfaidh siad le chéile anois … just like that

Ó cuireadh an lánúin in aithne dá chéile sa tríú sraith de Sex And The City, tá deireadh sona sásta dá rómánsaíocht á lorg ag lucht leanúna an seó.

Agus tá an chuma ar an scéal gur éist cruthaitheoir an tseó leo, toisc go bhfuil an nod is mó fós caite aige go bhfuil Carrie Bradshaw chun grá a aimsiú leis an siúinéir (carpenter) deas Aidan Shaw.

Tá sé ar ais le Carrie don dara sraith den ‘sequel’, And Just Like That.

sex and the
Sex and the City Pic: AP Photo/Starpix, Dave Allocca

Agus tá an cruthaitheoir Michael Patrick King ag labhairt faoina chinneadh leannán Carrie a thabhairt ar ais chuig an gclár.

Dúirt sé: ‘Níor thug mé Aidan ar ais chun go dteipfeadh ar rudaí.’

Chonacthas an dá charachtar le chéile le linn na scannánaíochta don tsraith grinn ocht bpáirt.

Agus dúirt John Corbett, atá 62 bliain d’aois agus a ghlacann páirt Aidan, go mbeidh sé I cúpla eagrán den tseó.

Spreag Sarah Jessica Parker, 58, a ghlacann páirt Carria, tuairimíocht freisin go dtiocfaidh siad ar ais le chéile ar feadh tamaill mhaith.

Thosaigh an tsraith ar Déardaoin ar Sky, Now agus Prime Video.

Dúirt an t-aisteoir: ‘Is caidreamh saibhir é. Tá sé spreagúil mar aisteoir gan dabht agus is cinnte gur féidir le scríbhneoirí iniúchadh a dhéanamh air.

‘Cé hiad anois? An bhfuil siad go maith dá chéile? An bhfuil siad, tá a fhios agat, leithscéalach?’

Thosaigh a gcaidreamh i séasúr a trí de Sex and the City tar éis dóibh buile le chéile ag seó troscáin (furniture show).

Mar sin féin, scoilt siad tar éis de Carrie admháil go raibh sí mídhílis nuair a bhí sí le Mr Big.

Tháinig siad le chéile arís i sraith a ceathair sular chuir Aidan deireadh leis arís.

Chonacthas é go deireanach sa dara scannán Sex And The City in 2010, agus an dá charachtar ag pógadh a chéile.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram