

Tá praghsanna tithe in Éirinn chomh hard sin anois nach féidir le lánúin a bhfuil ioncam os cionn €100,000 acu teach nua trí sheomra leapa ar phraghas meánach a cheannach i go leor áiteanna.
Níl sé d’acmhainn acu a leithéid do theach a cheannach ach i gcúig láthair amháin ar fud na tíre, de réir tuarascála nua ar an margadh tithíochta.
Caithfidh an lánúin freisin éarlais (deposit) 10% ar a laghad a chur ar fáil, de réir rialacha iasachta Bhanc na hÉireann.

Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh ardú 5% eile ar phraghsanna tí sa chéad 12 mhí eile, dar le gníomhairí eastáit.
Deir suas le 70% de na gníomhairí go bhfuil an soláthar íseal an phríomhchúis atá leis an ardú praghais. Measann 60% díobh go bhfuil praghsanna ag ardú fós ach go bhfanfaidh siad mar atá siad go luath, agus creideann 18% eile go bhfuil an buaicphointe bainte amach acu cheana féin.
Deir 88% de ghníomhairí eastáit go bhfuil praghsanna reatha tí ‘daor’ nó ‘an-daor’ – méadú ó 83% i mí Eanáir.
Léiríonn tuarascáil lár bliantúil 2025 ó Chumann na Suirbhéirí Cairte (SCSI) go bhfuil sé níos deacra fós do cheannaitheoirí céaduaire teach a cheannach.
Is é €357,850 an meánphraghas atá ar theach trí sheomra leapa le linn chéad leath na bliana seo – ardú 12.3% ar an mbliain seo caite, agus suas 40% ó thús na paindéime.
I gcontaetha daora taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, táthar ag súil le bearna €65,200 i gCill Mhantáin agus €22,000 i gCill Dara i gcás an chineáil tí chéanna.
Is é an ráta boilscithe reatha sa mhargadh an ceann is airde ó cuireadh rialacha nua i bhfeidhm don mhargadh morgáistí deich mbliana ó shin.
Tá an t-ardú praghais le feiceáil ar fud na tíre, le figiúirí Bhaile Átha Cliath (12.3%) ag teacht leis an meán náisiúnta, de réir tuarascála Daft.ie.
I gcuid eile Laighean, tá méadú bliantúil 14.3% tagtha ar phraghsanna. Tá rátaí gar don mheán i gcathair Luimnigh (12.8%) agus i gcathair na Gaillimhe (12.5%). Tá ráta níos airde fós i gcathair Phort Láirge (15.2%), ach níl an t-ardú chomh géar i gcathair Chorcaí (8.6%).
Seo roinnt de na meánphraghsanna atá luaite sa tuarascáil:
· Baile Átha Cliath: €467,913 (suas 12.3%)
· Cathair na Gaillimhe: €426,348 (suas 12.5%)
· Cathair Chorcaí: €369,938 (suas 8.6%)
· Cathair Luimnigh: €311,086 (suas 12.8%)
· An chuid eile den tír: €309,954 (suas 12.5%)
Dúirt Uachtarán SCSI, Gerard O’Toole, go léiríonn an tuarascáil imní mhéadaithe faoi sholáthar tithíochta agus moilliú le déanaí ar an tógáil.
Luaigh sé gur luaigh 51% de na gníomhairí easpa soláthair mar an chúis is mó atá ag brú praghsanna in airde – méadú ar 46% anuraidh agus ar 35% i 2023.
‘Is léir go bhfuil easpa soláthair ag cur brú tromchúiseach ar an margadh. Tá 70% de na gníomhairí ag tuairisciú go bhfuil leibhéil stoc íseal do thithe nua agus do thithe athláimhe, rud a léiríonn an fhadhb leanúnach,’ a dúirt sé.
‘Tá an ESRI ag tuar go mbeidh 37,000 teach nua tógtha i mbliana – i bhfad faoi sprioc an Rialtais de 41,000. Tá géarghá leis an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta bheith ag feidhmiú go hiomlán agus infreastruchtúr a fheabhsú.’
Dúirt sé chomh maith go measann 20% de bhaill SCSI go bhfuil staid an gheilleagair ag cur leis an méadú praghais, agus luaigh 16% eile tionchar na scéimeanna Rialtais mar Help to Buy agus First Home Scheme.
‘Tá 12 bliana d’ardú leanúnach praghsanna againn, ach níl sé inmharthana go fadtéarmach,’ a dúirt sé. ‘Is í an t-aon bhealach le praghsanna a chobhsú ná méadú suntasach ar an soláthar.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.