An é Jacko an Micko nua? An bhfanfaidh laoch na Ríochta?

03/08/2025

Chaith Jack O’Connor a shaol ag forbairt peile Chiarraí, cén fáth nár aithníodh é sin go dtí seo?

Tá Jack O’Connor ag labhairt faoi éirí as an bpost a thug an oiread sin áthais do mhuintir Chiarraí – agus dó féin freisin.

Deir cuid daoine go bhfuil sé ag déanamh reic air féin. Deir daoine eile go bhfuil sé ag cur smacht ar lucht cáinte Chiarraí.

Jack O'Connor i nDingean le Sam
Jack O’Connor i nDingean le Sam

Ach níl tuiscint cheart ag na daoine sin ar fhíréantacht peil Chiarraí. Is é fírinne an scéil go bhfuil sos tuillte ag Jack – agus ag teastáil go géar uaidh – tar éis na bliana crua atá caite aige.

Post an-chrua atá ann, fiú nuair atá rudaí ag dul go maith, agus léirigh Jack chomh deacair is a bhí an bhliain nuair a dúirt sé i lár an cheiliúrtha: ‘D’fhág an bhliain seo a rian orm, caithfidh mé a rá.’

Dúirt sé freisin: ‘Caithfidh sibh cuimhneamh, ag an am seo anuraidh, tháinig buille croíbhriste orainn in aghaidh Ard Mhacha i gcluiche a bhíomar i gceannas air go dtí deireadh.’

Ní rud nua do bhainisteoirí peile cailliúintí a láimhseáil, ach ní chiallaíonn sin go dtagann siad i dtaithí orthu – go háirithe i gCiarraí.

Paudie Clifford
Paudie Clifford 

Ní chuireann siad i leataobh iad agus ní leanann siad ar aghaidh gan smaoineamh orthu. Déantar pleananna amach anseo ag smaoineamh orthu. Sin a tharla i ndiaidh an chluiche i gcoinne Ard Mhacha anuraidh, agus an chluiche i gcoinne na Mí i mbliana.

Maidir le Jack O’Connor, bainisteoir a raibh buanna móra aige le foirne Chiarraí – agus ní leis na sinsir amháin – tháinig an bua Dé Domhnaigh, atá fós á cheiliúradh, tar éis cáineadh géar.

Agus an cáineadh ba mheasa, gan dabht, tháinig sé ó laistigh den chontae féin, in ainneoin na bhfadhbanna leanúnacha a bhí ann, nach raibh cruthaithe ag O’Connor féin.

Chaill sé baill thábhachtacha dá fhoireann bainistíochta.

‘Briseadh mo bhainistíocht uile suas. Bhí orm é a chur le chéile arís, agus mé fós faoi bhrón tar éis an chluiche leathcheannais in aghaidh Ard Mhacha,’ a dúirt sé.

D’imigh Mike Quirke, Diarmuid Murphy agus Paddy Tally.

Ach anois níl ach moladh ag dul don fhoireann nua a thug Craobh na hÉireann uimhir a 39 don chontae: Cian O’Neill, Aodán Mac Gearailt, James Costello agus Pa McCarthy.

Is máistir é O’Connor ar an sean cheird, agus bhí sé níos deacra dó ná do dhaoine eile dul in oiriúint do na rialacha nua. Dúirt a lán go raibh sé ró-thraidisiúnta le tuiscint a fháil ar thábhacht an chic dhá phointe.

Jim McGuinness
Jim McGuinness

Ach ní hé sin atá á rá ag aon duine tar éis léiriú dochreidte David Clifford Dé Domhnaigh in aghaidh Dhún na nGall.

Agus le cothrom na Féinne, thug O’Connor an chreidiúint sin dá foireann tacaíochta.

 ‘Bhí na leaids ar fheabhas,’ a dúirt sé. Mhol sé iad as an tuiscint go raibh laige i gcosaint Dhún na nGall, mar bhíodar ag díriú ar chriosanna (zones) seachas ar imreoirí aonair – rud a thug deis do Chiarraí ciceanna dhá phointe a fháil.

Bhí ar O’Connor agus a fhoireann dul i ngleic le gortuithe freisin i rith na bliana.

Gortaíodh Barry Dan O’Sullivan sa tSraith. Chaill Paudie Clifford, Mike Breen agus Tony Brosnan cluichí de bharr gortaithe.

Gortaíodh Tom O’Sullivan  sa bhua ar Ard Mhacha sa chluiche ceathrú ceannais, agus bhí amhras faoi Paul Geaney agus Diarmuid O’Connor roimh an gcluiche ceannais.

Is minic a cheaptaí nach bhfaigheadh O’Connor faoiseamh ar bith. Agus dúirt sé féin é sin.

‘Ón am seo anuraidh, bhí an saol crua orm, agus bhí amanna ann a raibh fonn éirí as orm.’

Ach dúirt sé freisin: ‘Tá áthas orm gur sheas mé leis agus gur choinnigh mé orm, mar, ar ndóigh, fuaireamar an duais. Ach ba bhliain chrua í.’

Bhí an cáineadh deacair a sheasamh, agus b’fhéidir míréasúnta nuair a chuimhnítear ar a chuid éachtaí.

Bhí O’Connor ina bhainisteoir ar fhoireann sinsir Chiarraí trí huaire: ó 2003 go 2006, ó 2008 go 2012, agus ó 2021 go dtí anois.

Agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann gach uair. Tá cúig bhua san iomlán aige: 2004, 2006, 2009, 2022 agus 2025.

Thug sé an fhoireann go dtí an cluiche ceannais trí huaire eile: 2005, 2011 agus 2023. Cé gur b’fhéidir go bhfeictear ar sin mar pheaca mór in ionad éacht in áiteanna i gCiarraí.

Faoi láthair, tá O’Connor ag rá: ‘Níl mé ag déanamh reic orm féin, leaids. Bhí an bhliain seo a chuaigh thart thar a bheith dian, agus níl mé cinnte an bhfuil fonn orm dul tríd sin arís, mar athraíonn do thosaíochtaí nuair a shroicheann tú aois áirithe.’

Ach d’admhaigh sé go raibh sé i dteagmháil le roinnt de na himreoirí atá ag iarraidh air fanacht.

Kerry 5 5d9315

Agus tá an cathaoirleach i gCiarraí, Patrick O’Sullivan, dóchasach.

‘Tá saol iomlán caite ag Jack ag obair ar son an chumainn i gCiarraí – lena chlub agus leis an gcontae,’ ar seisean.

‘Ag tús na bliana, bhí sé ag smaoineamh ar éirí as, ach leis an mbua seo agus tacaíocht na n-imreoirí, sílim go bhfanfaidh Jack ar feadh bliana eile.’

Ach tá a fhios ag O’Connor go bhfuil sé i riocht láidir tar éis an bhua mhóir in aghaidh Dhún na nGall – ach níl aon ráthaíocht ann i gCiarraí, áit a bhfuil tú chomh maith leis an gcluiche deireanach a chaill tú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram