

Tá Uisce Éireann tar éis cosc a chur ar úsáid píobáin garraí (garden hoses) i gceithre chontae – Port Láirge, Tiobraid Árann, Loch Garman agus Corcaigh (ach gan cathair Chorcaí san áireamh) – a thosaigh Dé Sathairn seo caite agus mairfidh sé go dtí an 16 Meán Fómhair.
Tá an t-ordú coigilt uisce seo tagtha leis na trí ordú eile atá i bhfeidhm cheana féin i Mullach Gearr (Mullingar) i gContae na hIarmhí, i mBaile na nGallóglach (Milford) i nDún na nGall, agus i Kells-Oldcastle i gContae na Mí.

Tá an comhlacht ag spreagadh an phobail chun uisce a úsáid go ciallmhar ó thús na míosa seo.
Ag seoladh an fheachtais, a bhfuil tacaíocht an chraoltóra Kathryn Thomas aige, dúirt urlabhraí don chomhlacht uisce: ‘Ní gá go mbeadh sé deacair uisce a shábháil.’
Deir Uisce Éireann go bhfuil thart ar 50 soláthar uisce ar fud na tíre faoi stádas triomaigh (drought) faoi láthair.
Cuireann an t-ordú cosc ar úsáid píobán garraí agus ar aon úsáid eile nach bhfuil riachtanach, do dhaoine i dtithe príobháideacha agus i ngnólachtaí tráchtála araon.

Dar le hUisce Éireann, tá leibhéil aibhneacha agus foinsí uisce ag leibhéal íseal stairiúil tar éis an fhómhair, an gheimhridh agus an earraigh a bheith tirime ná mar is gnách.
Le cúpla seachtain anuas, tá Uisce Éireann tar éis níos mó oibre a dhéanamh ar shocrú sceite, uisce a iompar i dtancaeir go dtí taiscumair (reservoir), agus bainistíocht brú a chur i bhfeidhm.
Tá siad ag cur feachtais ar bun freisin chun feasacht phoiblí ar choigilt uisce a spreagadh.
Dúirt Mairéad Conlon, bainisteoir straitéise sócmhainní le hUisce Éireann: ‘Is í an phríomhthosaíocht atá againn ná soláthar uisce sábháilte a chosaint do thithe, gnólachtaí agus seirbhísí riachtanacha.
‘Bhí na 12 mhí seo caite níos tirime ná an meán fhadtéarma. Cé gur tháinig báisteach le déanaí, tógfaidh sé i bhfad níos mó ama go dtiocfaidh na leibhéil ar ais i gceart.’
Luaigh sí freisin go n-úsáideann píobán garraí, má bhíonn sé in úsáid ar feadh uair an chloig, an méid céanna uisce agus a úsáideann gnáth-theaghlach in aon lá amháin.

Chuir sí leis: ’Táimid in Uisce Éireann ag impí ar gach duine a gcuid féin a dhéanamh – uisce a choigilt agus sceite a thuairisciú – chun an brú ar ár soláthar uisce a laghdú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.