

Tá méadú an-tapa ag teacht ar ghlacadh cócaon i measc na mban, agus tá go leor á úsáid mar rogha eile chun meáchan a chailleadh in ionad alcóil, a dúirt ceann de na hionaid athshlánúcháin (rehab) is mó in Éirinn.
D’fhoilsigh clinic athshlánúcháin an Rutland Centre a thuarascáil bhliantúil do 2024, ag tabhairt rabhaidh faoi ‘ghéarchéim náisiúnta atá ag fás’ de réir mar a dtugtar an druga in ionad drugaí eile.
Rinne ceann seirbhísí cliniciúla an ionaid, Emma Kavanagh, cur síos ar an gcaoi a bhfuil leanaí ag stóráil cócaon ina dtaisceadáin scoile (school lockers).

Dúirt sí go bhfuil aip á húsáid fiú chun é a sheachadadh le dróin.
Dúirt sí leis an Irish Daily Mail freisin: ‘Mothaíonn mná óga nach gcuirfidh cócaon stop lena dturas meáchain caillteanas ná a ndul chun cinn sa giomnáisiam.
‘Dá n-úsáidfidís alcól, bheadh tionchar diúltach aige ar na rudaí sin.
‘Mar sin, is cosúil le “loophole” é cócaon chun mothúcháin a fháil gan calraí breise a fháil.’
Ba é cócaon ba chúis le 23% de na daoine ar fad a glacadh isteach in ionad Rutland, clinic athshlánúcháin phríobháideach, anuraidh, suas ó 17% in 2023.
Dúirt Ms Kavanagh: ‘Sílim sna glúine a chuaigh thart, go mbeadh cócaon i bhfad níos mó mar druga meánaicmeach, agus nílimid ag feiceáil é sin anois.’
Dúirt sí freisin: ‘Is cosúil go bhfuil sé ag éirí i bhfad níos coitianta i measc na mban.’
Ag labhairt di faoin druga, dúirt Príomhfheidhmeannach Ionad Rutland, Maeve Mullany, le RTÉ, ‘go gcloiseann tú ó dhaoine atá ag teacht isteach do chóireáil go bhfuil sé i ngach áit’.
Dúirt sí go bhfuil an druga i scoileanna ar fud na hÉireann.
‘Tá sé sna taisceadáin, tá sé ar scoil, tá sé i ndiaidh spóirt. Cloisimid fiú ó chliaint atá ag teacht isteach le haghaidh cóireáil go bhfuil aip ann ar féidir le daoine a úsáid chun é a ordú le dróin,’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.