Tá dhá cheann de na tithe tábhairne is fearr san Eoraip i nGaeltacht

Tá ceithre theach tábhairne Éireannacha ar liosta na dtithe tábhairne is fearr san Eoraip, agus tá dhá cheann acu i gceann de na ceantair Ghaeltachta

Tá ceithre theach tábhairne Éireannacha ainmnithe i measc Na 100 Teach Tábhairne is Fearr san Eoraip de réir an European Bar Guide 2025 – agus tá dhá cheann lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

Tá siad suite i gContae Chiarraí – sa Ghaeltacht i nDaingean araon.

Tig Bhric i mBaile an Fheirtéaraigh
Tig Bhric i mBaile an Fheirtéaraigh

Rangaíodh Dick Mack’s ar Shráid Uí Chonaill sa 17ú háit, agus rinne an Treoir cur síos air mar: ‘Grúdlann (brewery) , balla lán le fuisce, siopa éadaigh, gairdín, craic mhaith agus amhrán maith.’

Idir an dá linn, tháinig Tig Bhric i mBaile an Fheirtéaraigh, díreach taobh amuigh de Dhaingean, sa 28ú háit.

Thug an Treoir suntas dá mhealltacht mar ‘ghrúdlann bheag iarthar Chiarraí a bhfuil beoir chasca inti agus teach tábhairne bhreá cluthar le radhairc ar an leithinis.’

John Kavanagh The Gravediggers i nGlas Naíon (Glasnevin), Baile Átha Cliath,
John Kavanagh The Gravediggers i nGlas Naíon (Glasnevin), Baile Átha Cliath

Ar bharr na n-iontrálacha Éireannacha, tá John Kavanagh The Gravediggers i nGlas Naíon (Glasnevin), Baile Átha Cliath, a tháinig sa 14ú háit – áit an-ard.

Mhol an Treoir é mar: ’Neamh i nGlas Naíon, áit a dtagann na seanchais ar fad faoin “Guinness is fearr i mBaile Átha Cliath” chun fírinne.’

Ag déanamh ionadaíochta do Bhaile Átha Cliath freisin tá Grogan’s ar Shráid William Theas, a tháinig sa 24ú háit.

Teach tábhairne Grogan
Teach tábhairne Grogan

Maidir leis an teach tábhairne clúiteach seo i lár na cathrach, dúirt an Treoir: ’Bíonn sé ag éirí níos deacra suíochán a fháil sa teach tábhairne íocónach seo, ach tá cúiseanna láidre le seasamh an fód.’

Ag glacadh an chéad áit ar liosta na bliana seo tá La Fleur En Papier Doré sa Bhruiséil, agus bhí an Bheilg i gceannas i gcoitinne ar na torthaí, ag fáil trí cinn de na cúig áit is airde.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram