Scairt amach ón nGaeltach! Votáil ar son Gaeilgeoir ADGY don Eurovision ar an Late Late Show anocht le Ryan Tubridy

03/02/2023

Tá an scairt imithe amach do Ghaeilgeoirí vótáil le haghaidh ADGY, don Eurovision ar an Late Late Show anocht.

Is ar an Late Late Show a dhéanfar an cinneadh maidir le cé atá chun dul go Learpholl in Eurovision na bliana seo ar son na hÉireann.

Agus beidh ADGY ceann den seisear iomaitheoir a mbeidh ar an clár; agus beidh cead ag an lucht féachana sa bhaile vótáil ar son an amhrán is fearr leo.

Michelle Nic Grianna press2
Michelle Nic Grianna ar Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta

Toisc gur as Dún na nGall do ADGY tá muintir an chontae sin ag labhairt go láidir ar a shon.

Agus ar Barrscéalta ar maidin inniu, ar Raidió na Gaeltachta, ní fhéadfadh an láithreoir Michelle Nic Grianna a mothúcháin a cheilt.

Ag cur agallamh ar ADGY, sé sin Aindriú Carr, as an Bhun Bheag, Gaoth Dobhair, dúirt sí lena héisteoirí: ‘Duine a bith atá ag éisteach linn inniu. As na Gaeltacthaí ar fad. Vótáil choinne ADGY.’

ÉIST LEIS AN AGALLAMH: CLIC ANSEO

Ní raibh a leithéid de dhíograis ag daoine sa chontae, ná ag an iliomad ball dá diaspóra, ó spreag Jim McGuinness, iarbhainisteoir peile Dhún na nGall agus laoch an chontae, an t-amhrán Jimmy’s Winning Matches (Éist leis anseo).

ADGY
ADGY are an Late Late Show anocht

Tá an oiread sin díograise acu do Dhún na nGall, agus go háirithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.

Nuair a labhair an Gaeilgeoir líofa Aindriú le Michelle ar Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta ar maidin bhí sé ag caint faoi an amhrán agus faoi na néaróga roimh léiriú na hoíche anocht ar an gclár speisialta Eurovision ar an Late Late Show le Ryan Tubridy.

 Thosaigh an t-amhránaí is cumadóir ar an mbóthar chun ratha nuair a shínigh sé conradh taifead dá eisiúint, Like You Do, le Universal Music Group.

EurovisionLate Late Euroong Hopefulls12 1068x623 1
Ryan Tubridy ag fáil réidh do Late Late Show anocht

 Ó shin i leith, tá breis is 10 milliún sruth bailithe ag ADGY ar fud an domhain thar ardáin sruthaithe agus raidió.

 Dúirt sé cheana: ‘Is cumadóir amhrán mé chomh fada agus is cuimhin liom, agus scríobh mé do go leor ealaíontóirí, chomh maith liom féin.

 ‘Ach is é m’aisling a bheith ag seinm beo ar an stáitse os comhair lucht éisteachta mór, agus tá súil agam níos mó de sin a dhéanamh.’

EIST LE ADGY LE TOO GOOD FOR YOUR LOVE: CLIC ANSEO

Beidh an seans sin aige anocht agus má fhaigheann sé na vótaí ó Ghaeilgeoirí, ó phobal na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre agus ón lucht éisteachta ar maith leo an t-amhrán, beidh sé ag seinm roimh 160 milliúin duine ar fud an domhain ón Eurovision i Learpholl.

Eurosongjennifer Connolly 2
CONNOLLY are an Late Late Show anocht

Leis an lucht féachana ag vótáil anocht, ní bheidh siad ach ag cuidiú le cinneadh a dhéanamh ar cé a dhéanfaidh ionadaíocht dúinn ag Eurovision na bliana seo. Beidh grúpaí moltóirí, ceann Éireannach agus ceann idirnáisiúnta ann freisin.

‘Roghnófar an buaiteoir de réir na meascán de vótaí ó an Vóta Poiblí, Giúiré Idirnáisiúnta agus Giúiré Náisiúnta,’ de réir RTÉ.

Is iad na hiomaitheoirí:

ADGY (Too Good for your Love),

CONNOLLY (Midnight Summer Night),

Wild Youth (We are One),

Leila Jane (Wild),

K Muni & ND, Kofi Appiah and Nevlonne Dampare (Down in the Rain)

 Public Image Limited (Hawaii).

Roghnaíodh iad as na céadta iontráil a fuair RTÉ, agus beidh siad ar fad ag léiriú oíche Dé hAoine seo chughainn.

‘Beidh clár mór gealgháireach  ann Dé hAoine seo,’ a dúirt Ryan Tubridy roimh an seó.

EurosongWild by Leila Jane 4
Leila Jane ar an Late Late Show anocht

‘Réaltaí móra, daoine móra agus ionchais mhóra mar d’fhéadfadh sé seo a bheith mar sheans ag Éirinn a teideal mar bhuaiteoirí Eurovision a fháil ar ais.

‘Mar sin, déarfainn bígí réidh le haghaidh cóisir agus bígí linn.’

Rachaidh an t-amhrán roghnaithe ar aghaidh ansin chun ionadaíocht a dhéanamh ag an gcomórtas, a bheidh ar siúl i Learpholl ó 9 Bealtaine go dtí 13 Bealtaine.

Beidh Éire sa chéad bhabhta leathcheannais Dé Máirt, 9 Bealtaine, agus má éiríonn linn, beidh siad san iomaíocht sa bhabhta ceannais ar an Satharn, 13 Bealtaine.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram