

Tá go leor muinín ag Ciarraí mar gheall ar an mbua – a bhí faoi stiúir Shéan Ó Sé ar an lá – ar na curaidh Chraobh na hÉireann, Ard Mhacha, agus is cosúil go bhfuil siad ag dul i ngleic le cuid dá gcuid fadhbanna gortaithe.
Más fíor é sin, ní bheidh campa Thír Eoghain – agus lucht leanúna Thír Eoghain – compórdach.
Bhí fadhbanna móra gortaithe ag foireann Jack O’Connor i gcaitheamh na bliana, fiú sa chluiche in aghaidh Ard Mhacha.
Cé go bhfuil roinnt gortaithe fós ann, tá cuid mhór de na réaltaí móra ag filleadh chun imirt do Chiarraí sa chluiche leathcheannais Craobh na hÉireann Dé Sathairn in aghaidh Thír Eoghain.
ÉIST LEIS AN ANAILÍS AR AN SPOTA DUBH
Dúirt O’Connor: ‘Tá Tony Brosnan ar ais ag traenáil, agus má tá fear ag traenáil, tá seans aige. Tá Tadhg Morley agus Mike Breen ag traenáil freisin.
‘Tá Paul Geaney ag traenáil go rialta ach arís, an bhfuil sé 100% fós? Is dócha nach bhfuil, ach tá sé gar.’

Anuas ar sin, mar gheall ar na gortuithe, fuair roinnt imreoirí eile deis a gcumas a léiriú ó thosaigh na craobhacha.
‘Tá thart ar 35 imreoir bainte úsáid againn. Fuair Mark O’Shea a chéad seans ar feadh deich nóiméad i gCaisleán an Bharraigh agus tá tábhacht ag baint le gach nóiméad sin,’ a dúirt an bainisteoir.

Mar sin féin, beidh an t-imreoir lár páirce Diarmuid O’Connor agus an cosantóir Tom O’Sullivan as láthair don chluiche in aghaidh Thír Eoghain.
Dheimhnigh O’Connor go bhfuil an gortú ghualainn a bhí ag cur isteach ar O’Connor i rith na bliana tar éis é a chur as an chluiche leathcheannais.
Cé nár luaigh an bainisteoir é go hoscailte, tá eagla ann go bhféadfadh an fear ó Na Gaeil an cluiche ceannais ar an 27 Iúil a chailleadh freisin, má éiríonn le Ciarraí dul chomh fada sin.
Beidh O’Sullivan, as An Daingean, as láthair de bharr fadhb le colpa (calf) a fuair sé sa bhua ceathrú ceannais in aghaidh Ard Mhacha, agus beidh sé in éineacht lena chomrádaí club Barry Dan O’Sullivan ar an taobhlíne.
‘Tá an chuid eile ag teacht ar ais i mbealach éigin. Níl mé cinnte cé chomh réidh is atá siad, ach tá dhá sheisiún traenála againn Dé Luain agus Dé Céadaoin,’ a dúirt O’Connor.
‘Níor mhaith liom dul isteach i sonraí pearsanta, ach is léir go bhfuil fadhb ag Diarmuid lena ghualainn ó chluiche an earraigh in aghaidh Ard Mhacha (sa tSraith) agus rinne sé dochar dó arís in aghaidh an Chabháin.’
Dúirt sé: ‘Bhí tréimhse olc gortuithe againn. Tar éis chluiche Ard Mhacha amháin a thuigeas go raibh suas le seachtar tosaithe in easnamh orainn.
‘Níl mé cinnte go bhféadfadh aon fhoireann eile sa tír déileáil leis sin agus maireachtáil. Bheimis i bhfad níos láidre dá mbeadh sláinte iomlán againn.

‘Bhí an séasúr seo thar a bheith casta. Bhí orainn imreoirí a fháil ar ais óna gclubanna agus iad a chur ar ais sa chóras. Caithfidh tú sos a thabhairt dóibh, mar shampla bhí cúig nó sé seachtaine ag teastáil ó na fir ó na “Crokes”.’
‘D’éirigh linn iad a chomhtháthú, agus buíochas le Dia go raibh an oiread sin imreoirí againn, mar bhí an painéal sin de dhíth orainn.
‘Tá fir a cheapadar go rabhadar ar imeall na foirne anois gníomhach sa phainéal. Agus táimid thar a bheith sásta leis an chaoi a ndearna siad a gcuid oibre dúinn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.