Éiginnteacht faoin damáiste a rinne SAM in ionsaí ar an Iaráin

23/06/2025

Eagla san iarthar tar éis do Mheiriceánaigh a admháil nach bhfuil a fhios acu cé chomh láidir is atá an Iaráin i ndiaidh ionsaithe Trump

Tá an eagla go mbeidh tíortha an Iarthair páirteach i gcogadh sa Mheánoirthear ag fás i measc éiginnteachtf aoin ionsaí Meiriceánach ar an Iaráin.

Dúirt Donald Trump ar dtús gur scriosadh cumhacht Tehran airm núicléacha a úsáid ‘go hiomlán’ leis an ionsaí gan choinne.

Dúirt sé gur ‘thóg scuadrún buamadóirí stealth go déanach oíche Shathairn an buama as lámha [Tehran]’.

Dúirt Donald Trump ar dtús gur scriosadh cumhacht Tehran airm núicléacha a úsáid ‘go hiomlán’ leis an ionsaí gan choinne
Dúirt Donald Trump ar dtús gur scriosadh cumhacht Tehran airm núicléacha a úsáid ‘go hiomlán’ leis an ionsaí gan choinne

Mar sin féin, d’admhaigh an Leas-Uachtarán JD Vance agus Rafael Grossi, ceannaire na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh Adamhach (International Atomic Energy Agency), nach bhfuil a fhios acu cad a bheidh i ndán d’úráiniam atá beagnach de ghrád buama.

‘Beidh muid ag obair sna seachtainí amach romhainn chun a chinntiú go ndéanfaimid rud éigin leis an mbreosla sin agus sin ceann de na rudaí a mbeidh comhráite againn leis na hIaránaigh fúthu,’ a dúirt an Leas-Uachtarán JD Vance le This Week ar ABC Dé Domhnaigh, ag tagairt do úráiniam atá in ann naoi nó deich n-airm adamhacha a dhéanamh.

Tá sé soiléirithe ag an rialtas i dTehran nach bhfuil suim acu comhráite a bheith acu leis na Stáit Aontaithe, ag cúiseamh Washington as Tehran a mhealladh le linn an tsraith dheireanaigh caibidlíochta agus an t-ionsaí aeir á phleanáil.

Tá eagla ann go bhféadfadh Tehran aghaidh a thabhairt ar chomhghuaillithe na Stát Aontaithe.

D’admhaigh JD Vance nach bhfuil a fhios acu cad a bheidh i ndán d’úráiniam atá beagnach de ghrád buama san Iaráin
D’admhaigh JD Vance nach bhfuil a fhios acu cad a bheidh i ndán d’úráiniam atá beagnach de ghrád buama san Iaráin

Chaith seacht mbuamadóir stealth B-2 14 bhuama ‘bunker-buster’ ar áiseanna núicléacha, agus na Stáit Aontaithe ag dul le hIosrael sa ghníomh míleata is mó i gcoinne Iaráin ó réabhlóid 1979.

Dúirt Vance cheana féin go raibh an FBI ar an airdeall maidir le bagairtí ar thalamh Mheiriceá.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris gur aslonnaíodh 15 saoránach Éireannach a bhí ag iarraidh Iosrael a fhágáil.

Dúirt sé gur fhág siad Iosrael in oibríochtaí a d’eagraigh an Ostair, agus go bhfuiltear ag súil go sroichfidh siad Éire sna laethanta amach romhainn.

D’áitigh sé freisin ar shaoránaigh Éireannacha a roghnaíonn fanacht san Iaráin agus in Iosrael monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí.

‘Ba chóir do gach saoránach sa réigiún clárú leis an ambasáid Éireannach is gaire dóibh, mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin,’ a dúirt sé.

‘Fanfaidh ár n-ambasáidí i ndlúth-theagmháil le gach saoránach in Iosrael agus san Iaráin sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn.’

Dúirt sé go bhfuil ‘líon beag’ saoránach ag iarraidh Tehran a fhágáil freisin, agus go bhfuil obair ar siúl chun iad a fháil amach.

Dúirt sé gur labhair sé leis an leas-aire gnóthaí eachtracha Iaráin a bhí ‘an-fheargach’ faoi ghníomhartha SAM agus Iosrael agus a chuir síos orthu mar ‘ionsaitheoirí’.

Rinne sé cur síos ar bhuamáil SAM mar rud a rinne ‘staid tinneallachníos contúirtí fós’.

D’áitigh sé ar an dá thaobh ‘céim siar ón imeall’ a thabhairt.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris gur labhair sé leis an leas-aire gnóthaí eachtracha Iaráin a bhí ‘an-fheargach’ faoi ghníomhartha SAM
Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris gur labhair sé leis an leas-aire gnóthaí eachtracha Iaráin a bhí ‘an-fheargach’ faoi ghníomhartha SAM

Mar sin féin, dúirt an tUasal Harris gur mhothaigh an leas-aire gnóthaí eachtracha go gcaithfidh siad siúd a d’ionsaigh a thír ‘praghas a íoc’.

Chuir Trump leis an teannas freisin trí rá: ‘Mura bhfuil rialtas reatha Tehran in ann an Iaráin a dhéanamh mór arís, cén fáth nach mbeadh athrú réimis ann?’

Roimhe seo dúirt sé gur theastaigh cainteanna síochána uaidh agus nach raibh sé ag lorg athrú réimis.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram