

Tá an Teachta Dála Paul Murphy saor arís san Éigipt. D’fhill an Teachta Dála, atá ag glacadh páirte sa Mháirseáil Dhomhanda go Gaza, ar stáisiún i bpríomhchathair na hÉigipte maidin Dé Luain, ar chomhairle Ambasáid na hÉireann.
Bhí sé ag fiosrú faoina ghuthán, a coigistíodh (confiscated) níos luaithe sa tseachtain.

Mar sin féin, nuair a shroich sé, tógadh a phas den dara huair. Dúirt an tUasal Murphy gur cuireadh cosc air imeacht ansin. scaoileadh saor é níos déanaí.
Tháinig a dhara coinneáil tar éis don iar-Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan – atá ina chathaoirleach ar Chrois Dhearg na hÉireann – leithscéal a ghabháil as a rá ar X gur ‘sorcas’ a bhí sa Mháirseáil do Ghaza.
Ghabh an tUasal Flanagan leithscéal as a tvuíte tar éis cáineadh láidir ó na daoine a thacaíonn leis an máirseáil i dtaca le cabhair dhaonnúil do Gaza.
Dúirt an tUasal Murphy: ‘Táim coinnithe i stáisiún póilíní Abdeen i gCaireo.
‘Ar chomhairle ambasáid na hÉireann chuaigh mé chuig an stáisiún ag 12.30pm, am na hÉigipte, chun fiosrú a dhéanamh faoi mo ghuthán a thóg siad.
‘Thóg siad mo phas arís, bhí orm labhairt leis na póilíní rúnda agus d’fhág siad mé i seomra le hateangaire.
‘Dúirt siad go raibh siad ag lorg mo ghutháin. Rinne mé iarracht imeacht ach dúirt siad nach féidir liom imeacht.
‘Tuigim gur coinníodh rannpháirtithe eile sa mháirseáil freisin.’
Tharla sé sin laethanta tar éis don Uasal Murphy agus roinnt eile a bheith coinnithe agus iad ag iarraidh teacht ar chrosaire Rafah ina aice le Gaza mar chuid d’iarracht cabhair dhaonnúil a chur ar fáil.
Ag an am sin, tógadh a bpasanna agus a bhfóin freisin, agus iompraíodh iad go haerfort Chaireo faoin tuiscint go raibh siad á ndíbirt.
Anois, is cosúil go bhfuil roinnt rannpháirtithe ar an Máirseáil Dhomhanda go Gaza coinnithe ag údaráis na hÉigipte arís.
Tá achainí déanta ag páirtí an Uasail Murphy, Jess Spear, ar idirghabháil phráinneach ó Rialtas na hÉireann.
‘Iarraim ar an Tánaiste Simon Harris idirghabháil a dhéanamh go práinneach leis na húdaráis Éigipteacha,’ a dúirt sí.
‘Ní mór don Tánaiste a chinntiú go scaoilfear saor Paul agus gach duine a ghlac páirt sa Mháirseáil Dhomhanda go Gaza, go dtabharfar a bpasanna ar ais dóibh agus go gceadaítear dóibh leanúint lena misean daonnúil chun iarracht a dhéanamh cúnamh a fháil do mhuintir Gaza.’
Chuir an tUasal Flanagan a twuit amach, ag cáineadh an mháirseáil mar ‘sorcas’, tar éis don chéad uair a gabhadh an tUasal Murphy

Scríobh an tUasal Flanagan, atá ina chathaoirleach ar Chrois Dhearg na hÉireann: ‘Tá sé soiléir anois má fhilleann @paulmurphy_TD ón sorcas is déanaí go gcaithfidh sé clárú le haghaidh ceachtanna tíreolaíochta chomh maith le stair.’
Ag labhairt le Journal.ie ón Éigipt, dúirt an tUasal Murphy: ‘Ní bhaineann sé seo liomsa ná le Charlie Flanagan. Tá na mílte duine anseo atá ag iarraidh deireadh a chur leis an ocras éigeantach ar mhuintir Gaza.
Tá súil agam go dtuigfeadh cathaoirleach Chrois Dhearg na hÉireann é sin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.