

D’fhéadfadh drugaí do chaillteanas meáchain (weight-loss) cur isteach ar dhrugaí HRT le haghaidh sos míostraithe (menopause).
Dúirt an British Menopause Society go gcaithfidh dochtúirí a bheith cúramach má tá bean ag glacadh HRT (teiripe athsholáthair hormóin) agus drugaí do chaillteanas meáchain cosúil le Mounjaro, Wegovy agus Ozempic ag an am céanna.
Deir saineolaithe go moilleann na drugaí seo an bealach a théann bia tríd an stéig mhór (large intestine), rud a d’fhéadfadh moill a chur ar phiollairí a thógtar tríd an mbéal.

Thug an rialtóir leighis sa Bhreatain rabhadh an tseachtain seo caite faoi mhná a úsáideann na drugaí sin.
Dúirt siad nach bhfuil piolla frithghiniúna ó bhéal iontaofa leo.
Tugadh níos mó ná 40 tuairisc ar thoircheas ó mhná a bhí ar an dá dhruga le chéile.
Anois, tá moltaí nua ag rá go gcaithfidh mná a úsáideann HRT ó bhéal a bheith aireach freisin le drugaí eile.
Is é an modh is coitianta ná piollaire ‘progesterone’ le paiste nó glóthach ar an gcraiceann chun ‘oestrogen’ a thabhairt don chorp.
Tá sé tábhachtach toisc go gcaithfidh progesterone éifeacht an oestrogen a chothromú.
Gan é, d’fhéadfadh cealla neamhghnácha (abnormal cells) nó ailse forbartha sa bhroinn.
Tá an cumann buartha go gcaillfí cosaint an progesterone dá mbeadh moill ar an gcaoi a n-oibríonn sé.
Moltar anois do dhochtúirí smaoineamh ar ghléas sa bhroinn mar ‘coil’, nó an dáileog progesterone a mhéadú.
Dúirt an tOllamh Annice Mukherjee, ón gComhairle Leighis, go bhfuil riosca níos airde ann d’ailse broinne má tá mná róthrom agus tá na hormóin míchothrom.
Mar sin féin dúirt sí freisin gurb é róthrom an príomhchúis le hailse bhroinne, agus go bhfuil na drugaí meáchain caillteanais úsáideach ar an iomlán chun meáchan agus an baol ailse a laghdú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.