Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo: Beidh cluichí ar RnaG agus TG4

Beidh laochra ag teacht amach do Chomórtas Peile na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine agus sonraí ar fáil anseo

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo i nGaeltacht Ráth Chairn, Contae na Mí.

Beidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta ag imirt, chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Is é an 54ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta (féach an sceideal thíos).

Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 1969 agus an aidhm a bhí leis ná lucht labhartha na Gaeilge ó chlubanna ar fud na gceantar Gaeltachta a thabhairt le chéile.

Le linn na mblianta sin, d’imir réaltaí móra na bpeileadóirí ag an gcomórtas.

I measc cuid acu sin bhí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí; Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua; Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair; Nollaig Ó Laoire ó Chill na Martra: Graham Geraghty na Mí agus Micheál Ó Cróinín ó Naomh Abán – agus go leor leor eile nach iad.

eeil na galetacht feat
Ag seoladh Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025 i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, ó chlé, tá Evan Ó Flatharta ó Naomh Anna Leitir Móir, Gaillimh, agus Adam Ó Néill ó Bhulf Tón, An Mhí. Pic: Brendan Moran/Sportsfile.

Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i mbliana i gComórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas Sinsir na bhFear: An Tearmann (Dún na nGall), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), An Ghaeltacht (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh), An Spidéal (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cill Chomáin (Maigh Eo), An Cheathrú Rua (Gaillimh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Náille (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sóisir na mBan: Gráinne Mhaol (Gaillimh), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Bhulf Tón (An Mhí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Naomh Columba (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Bearna (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Clochán Liath (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Tá sceideal iomlán Comórtas Peile na Gaeltachta TG4 le fáil anseo:

peil gaeltacht feat

Tá sceideal iomlán Comórtas Peile na Gaeltachta ar Raidió na Gaeltachta le fáil anseo:

ó 11.00am Dé Sathairn

ó 11.45am Dé Domhnaigh

ó 10.00am De Luain, 2


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram