

De réir figiúirí nua ón mBord Taighde Sláinte, fuair 13,295 duine cóireáil i 2024 mar gheall ar mhí-úsáid drugaí cosúil le cócaon – an líon is airde riamh.
Bhí cócaon freagrach as beagnach leath de na cásanna seo.

Ó 2017 i leith, tá méadú 250% tagtha ar líon na ndaoine a fhaigheann cóireáil le cócaon mar phríomhfhadhb acu.
Agus tá líon na mban a lorgaíonn cóireáil don druga cócaon ardaithe 426% go 1,494 cás anuraidh.
Dúirt an tOllamh Colin O’Gara, síciatraí comhairleach ag Ospidéal Naomh Eoin Dé, go bhfuil an méadú scanrúil, ach go bhféadfadh ‘deis dearfach’ a bheith ann.
‘Is rud maith é go bhfuil níos mó mná ag fáil cóireála,’ a dúirt sé.
‘Tá sé níos deacra dóibh seirbhísí a fháil mar gheall ar an náire a bhaineann le húsáid drugaí.’
Dúirt sé gur sháraigh úsáid chócaoin an leibhéal ba mhó a chonacthas le linn ré an Tíogair Cheiltigh.
‘Nuair atá an geilleagar láidir, bíonn cócaon láidir freisin,’ a dúirt sé.
‘Tá sé glanaithe i súile an phobail, go háirithe i measc daoine óga. Ach is féidir leis stróc, fadhbanna croí agus fadhbanna néarógacha a chruthú.’
Taispeánann an tuarascáil Drug Treatment Demand in Ireland 2024 méadú 300% ar dhaoine ag filleadh ar chóireáil le cócaon mar phríomhfhadhb – ó 692 i 2017 go 2,764 i mbliana.
Chuir an tOllamh O’Gara an milleán ar chultúr na dtithe tábhairne agus an meisceoireacht leanúnach in Éirinn, ag rá: ‘Is é an geata chuig na drugaí go léir ná an t-alcól.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.