

Deir formhór na ndaoine i measc phobal na Gaeilge gur gá an teanga a labhairt lasmuigh den seomra ranga … ach an bhfuil a fhios acu go bhfuil Gaelbhratach ann, sé sin réabhlóid chiúin faoi sin ar siúl cheana féin, le breis agus 13 bliana anuas.

Éist leis an Agallamh le Bainisteoir Gaelbhratach
Edel Ní Bhraonáin ar Éadra ar Raidió na Life: Cliceáil ANSEO
Tá daltaí ag ardú bratach ar son na Gaeilge, sa bhrí litriúil, agus ag eagrú imeachtaí agus gníomhaíochtaí lasmuigh dá seomra ranga chun an teanga a chur chun cinn.
Is cuid den tionscnamh ‘Gaelbhratach’ é seo, a cruthaíodh chun cabhrú le daltaí leanúint orthu ag úsáid na Gaeilge tar éis na scoile, agus ina saol laethúil.
Thosaigh sé i 2012 agus tá sé i mbunscoileanna agus i meánscoileanna; agus ba iad grúpa daltaí as Coláiste Thulach Mhór an grúpa is déanaí ar bronnadh Gaelbhratach orthu.
Bronnadh 130 bratach san iomlán ar mheánscoileanna i mbliana – beagnach dhá oiread an fhigiúir ón mbliain seo caite. Chomh maith leis sin, bronnadh bratach ar 65 scoil den chéad uair i mbliana.
•Spreagtar daltaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí: chumarsáid leanúnach, acmhainní cruthaithe, agus gníomhaíochtaí a eagrú;
•Tugtar oiliúint do choistí daltaí chun imeachtaí Gaeilge a eagrú;
•Nuair a shroicheann na daltaí spriocanna áirithe, bronntar Gaelbhratach orthu le crochadh taobh amuigh dá scoil.
•Is iad na daltaí féin atá i gceannas ar na gníomhaíochtaí. Is iadsan a bhfuil na smaointe acu, pleanálann siad imeachtaí, agus mar sin glacann siad creidiúint as na torthaí.
In ócáid a bhí ar siúl i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, an tseachtain seo, fuair na daltaí ó Thulach Mhór moladh a bhí tuillte acu.
Ag trácht ar na gradaim, dúirt Edel Ní Bhraonáin, bainisteoir Gaelbhratach: ‘Is é an chuid is luachmhaire den scéim ná aiseolas a chloisteáil ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí araon faoin gcaoi ar fhíodar an teanga is-teach ina saol laethúil agus an tionchar dearfach atá aici.
‘Tugann Gaelbhratach deis do dhaoine óga d’aon aois nó cúlra a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid agus a fhorbairt lasmuigh den suíomh traidisiúnta ranga.
‘Tá sé mar aidhm ag an gclár guth na ndaltaí a chur i gcroílár a bhfoghlaim tríd an gcoiste Gaelbhratach.
Rialaítear Gaelbhratach ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, na Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd an gCrannchur Náisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Gaeilge.

Is féidir leat d’aip ExtraG.ie féin a chruthú ar do ghuthán, is furasta é a dhéanamh (You can create your own ExtraG.ie App on your phone, it is easily done)
Níl Aip againn le haghaidh Extrag.ie – ach is féidir leat do cheann féin a chruthaigh. For English version, see beloew.
Téigh chuig www.extrag.ie ar do ghuthán:
a) Ar Android: Nuair a bheidh ExtraG.ie oscailte agat, cliceáil ar na trí ponc sa chúinne ar barr, ar dheis;
b) Ar Android, mura bhfuil trí ponc ann: Nuair a bheidh ExtraG.ie oscailte agat, cliceáil ar ‘cuir leis’ ag bun na láimhe deise;
c) Ar iPhone: Nuair a bheidh ExtraG.ie oscailte agat, cliceáil ar ‘share’, an cnaipe lár ag bun an scáileáin, scrollaigh síos:
Cliceáil ar ‘Add to home screen’;
Cliceáil ar ‘Add’;
Cliceáil ar ‘Add’ arís;
Beidh ExtraG.ie le feiceáil ansin mar Aip. Ach beidh ort é a nuashonrú gach uair a théann tú isteach ann.
Agus sin é!

We don’t have an App for Extrag.ie – but you can make your own.
1. Go to www.extrag.ie on your phone;
2. a) On Android: When you have ExtraG.ie opened click on the three dots in the top right-hand corner;
b) On Android, if there are no three dots: When you have ExtraG.ie opened, click on ‘add to’ at bottom right;
c) On iPhone: When you have ExtraG.ie opened, click ‘share’, the middle button at the bottom of the screen, scroll down:
3. Click add to Home screen;
4. Click Add;
5. Click Add again.
6. ExtraG.ie will then appear as an App. But remember to update it every time you go into it.
7. And that’s it!
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.