Jimmy’s winning Sam, a deir Spillane is Keegan

17/04/2025

Creideann Lee Keegan agus Pat Spillane araon go mbuafaidh an fhoireann chéanna Craobh na hÉireann – agus ní Ciarraí ná Maigh Eo é

Is annamh a bhíonn Lee Keegan agus Pat Spillane ag aontú, mar sin nuair a tharlaíonn sé caithfidh sé a bheith ina chomhartha ar rud éigin suntasach.

Agus más ea ní dea-scéal é do Chiarraí ná do Mhaigh Eo – mar go gcreideann an bheirt, Keegan agus Spillane nach mbeidh ceachtar den dá chontae féin ina seaimpíní i mbliana.

Creideann Lee Keegan go bhfuil painéal reatha Dhún na nGall níos fearr ná an ceann ar éirigh leis a chuaigh roimhe, agus deir sé gur neart mór an aclaíocht atá acu.

Lee Keegan
Lee Keegan

Agus dúirt Spillane: ‘I súile go leor, táthar ag súil go mbainfidh Dún na nGall an Craobh amach. Bhí an chéad chluiche acu in aghaidh Dhoire thar cionn.’

Scríobh Keegan ina cholún ar RTÉ: ‘Cuireann an buzz timpeall Dhún na nGall i gcuimhne dom a dturas go dtí glóir Chraobh na hÉireann 2012.

 ‘Ach is dóigh liom go bhfuil painéal níos fearr acu anois.

‘Tugann Finbarr Roarty, Ciaran Moore, Peadar Mogan agus Ryan McHugh fuinneamh dá gcosaint agus tá leibhéil aclaíochta na foirne i gcoitinne thar cinn eile. Tá Daire Ó Baoill i mbarr a maitheasa, tá an t-ollréalt (All-Star) Oisin Gallen ag iarraidh a bhealach a dhéanamh ar ais isteach san fhoireann agus tá cuma an-spreagúil ar Michael Murphy.

Scríobh  Spillane ina cholún sa Sunday World: ‘Luas, aclaíocht, rith crua, agus briseadh tríd na línte – níl aon fhoireann eile sa tír chomh maith leo ansin.

Tá ‘tionchar Jimmy’ ann freisin – le muinín agus creideamh a chothú iontu. Agus bíonn crógacht acu nuair a fhaigheann siad lámh in uachtar,’ a dúirt Spillane.

Pat Spillane
Pat Spillane

Tá Dún na nGall ag déanamh go hiontach agus tá siad le tabhairt faoi Mhuineachán i gcluiche ceathrú ceannais Uladh, tar éis dóibh Doire a shárú le 10 bpointe, a dúirt Spillane.

Tá siad ag iarraidh a gcoróin a chosaint i gCúige Uladh, tar éis dóibh an Corn Anglo-Celt a bhuachan in 2024 – bliain filleadh McGuinness.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram