Ómós do Micko! Léirigh sé na gnéithe is fearr den pheil Ghaelach

03/04/2025

Tá Mick ‘Micko’ O’Dwyer, duine de na bainisteoirí is cáiliúla agus is rathúla i stair na peile Gaelaí, ar shlí na fírinne

Tháinig a lán teachtaireachtaí ómóis isteach ó dhaoine cáiliúla agus ón bpobal do ‘Micko’ – Mick O’Dwyer – atá ar shlí na fírinne.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ina ómós dó: ‘Léirigh Micko na gnéithe is fearr den pheil Ghaelach. Bhí díograis, uaillmhian agus spiorad pobail ina chroí.’

Micko
Micko

Fuair Mick O’Dwyer, duine de na bainisteoirí is cáiliúla agus is rathúla i stair na peile Gaelaí, bás agus é 88 bliain d’aois.

Ba as Baile an Mhuilinn i gCiarraí ó dhúchas é agus d’athraigh sé stair an chluiche go deo.

Mar imreoir, bhuaigh Micko ceithre Chraobh Éireann le Ciarraí.

Mar bhainisteoir, threoraigh sé an fhoireann chuig ocht gCraobh Éireann sna 1970idí agus sna 1980idí.

Bhí a chuid cathanna le hÁtha Cliath i rith an ama sin ar na hiomíochtaí is mó riamh sa pheil Ghaelach.

Bhí bailiúchán dochreidte d’onóracha aige – 23 Craobh Mhumhan agus 11 Craobh Sraithe Náisiúnta ar bharr a éachtaí eile.

Bhuaigh Ciarraí 12 Chraobh Éireann faoina stiúir, agus níor éirigh leo ach ocht gcinn eile a bhaint amach ó d’éirigh Micko as bainistíocht na foirne sin i 1989.

Níor stop a aistear sa bhainistíocht ansin.

mick odwyer

Thug sé rath go foirne eile – Cill Dara, Laois, Cill Mhantáin, agus an Clár.

Bhuaigh Micko craobh Laighean le Cill Dara i 1998 agus arís i 2000, agus shroich siad cluiche ceannais na hÉireann i 1998.

Le Laois, bhuaigh sé a dara chraobh Laighean riamh i 2003, nuair a fuair siad an bua ar Chill Dara sa chluiche ceannais.

I 2013, bhí sé ina bhainisteoir ar an gClár ar feadh bliana, agus sin a bhí mar dheireadh lena shlí bheatha fhada mar bhainisteoir idirchontae tar éis 38 bliain.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ina ómós dó: ‘Léirigh Micko na gnéithe is fearr den pheil Ghaelach. Bhí díograis, uaillmhian agus spiorad pobail ina chroí.’

micko

Thug an Tánaiste Simon Harris ómós dó freisin, ag rá: ‘Spreag sé imreoirí óga a ndícheall a dhéanamh, agus bhí sé thar a bheith cineálta agus dílis.’

Dúirt CLG Chill Mhantáin: ‘Bhí Mick ina bhainisteoir tiomanta agus paiseanta dúinn ó 2006 go 2011. Comhbhrón lenár gcairde agus lena mhuintir.’

Ní bheidh a leithéid arís ann. Ar dheis Dé go raibh a anam.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram