Éist leis an agallamh: Áine Ní Bhreisleáin ag caint ar chúrsaí taistil, folláine … agus Jim McGuinness

03/04/2025

Ag tumadh isteach arís! Labhraíonn Áine Ní Bhreisleáin faoi thaisteal na tíre chun an earnáil folláine a fhiosrú

Is craoltóir agus iriseoir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall í Áine Ní Bhreisleáin; agus tá sí tar éis na tíre a thaistil agus í ag cur eolas chugainn faoi earnáil na folláine, agus roimhe sin caith sí an-chuid ama ar chóstaí na tíre.

Rinne Áine an tsraith 10 gclár, An Chósta Thiar, agus thaistil sí ó Dhún na nGall go Ciarraí ag iniúchadh pobail Ghaeltachta ar chósta thiar na hÉireann.

Bhí sí ina láithreoir ar an gclár raidió, Bladhaire, a bhuaigh duaiseanna, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2019 go 2024.

aine2

Fiú agus í ag rá, in agallamh le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM, go bhfuil sé ag tnúth le taisteal thar lear don ghrian sa samhradh, deir sí go bhfuil áthas an domhain uirthi as a bheith ina cónaí i ngleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair, agus go mbeidh sí ann go deo.

Agus labhair sí freisin faoin laoch is mó atá aici faoi láthair, Jim McGuinness.

An bhfuil tú i do chónaí i nGaoth Dobhair anois?

raidio na life

Éist leis an agallamh ANSEO

TÁ SÉ AR PODCHRAOLADH, BLAS NA CATHRACH
AR RAIDIÓ NA LIFE: CLICÁIL ANSEO

 ‘Tá mise i mo chónaí i nGaoth Dobhair le blianta fada, d’obair mé ar feadh tréimhse i nGaillimh agus ansin bhog mé ar ais anseo go Gaoth Dobhair agus tá mé ann go fóill agus is ann a bheas mé, tá súil agam fásta.

‘Tá sé mar phribhléid mhaith a bheith ábalta a bheith i do chónaí i do cheantar dúchais, a bheith ábalta a bheith i do chónaí insan Ghaeltacht, a bheith ábalta a bheith  ag obair sa Ghaeltacht, rud atá tábhachtach domsa go pearsanta, go bhfuil pobal bríomhar láidir fuinniúil againn agus go bhfuil obair againn inár gceantar féin.

Agus cad a cheapann Áine faoi Jim McGuinness?

‘Ó Jim McGuinness an laoch. Jim McGuinness, an fear is fearr, tá sé iontach. Táimid iontach ádhúil i nDún na nGall go dtáinig sé ar ais. Is rud speisialta a bhí ann, bhí bearna mhór nuair a d’imir sé.

‘Shíl go leor daoine nach bhfeicfeadh siad ar ais é, ach tá sé  ar ais agus is cosúil go bhfuil plean iontach aige agus is rud iontach leithéidí Michael Murphy ag dul ar ais arís, agus peileadóirí eile.

‘Sílim go mbeidh Jim anseo ar feadh píosa maith eile. Tá súil agam.’

aine feat

Áine Ní Bhreisleáin agus earnáil
na folláine in Éirinn, ar TG4:
Léigh níos mó ANSEO

Ar mhaith leat taistil le haghaidh laethanta saoire?

‘Déanaim go leor taistil ar fud fad na tíre mar chuid de mo chuid oibre agus tá mé ag déanamh sin le blianta maithe.

‘Mar sin tá dúil agam dul ar saoire anseo in Éirinn mar tá éagsúlacht iontach sa tír againn. Tá dúil agam imeacht thar lear ar ndóigh. An mbeidh grian ar bith an samhradh seo? Beidh mé ag iarraidh dul thar lear.

Ach cad faoin chlár nua? Cé chomh tábhachtach is atá earnáil na folláine (healthiness) in Éirinn agus an raibh mórán eolas agat faoi?

‘Bhí go leor ar eolas agam faoi ghnéithe den earnáil. Is earnáil iontach leathan í. Is earnáil iontach éagsúil atá ann.

‘Tá go leor a bhaineann le sláinte fisiciúil, sláinte choirp, sláinte intinne, rudaí a chuidíonn leat, rudaí a laghdaíonn strus, rudaí a laghdaíonn an brú.

‘Tá rudaí ann nach n-oireann do gach duine. Tá rudaí nach bhfuil le haghaidh achan duine, ach bhí mise ag iarraidh tumadh isteach agus meascán a thriail.’

Dúirt Áine freisin gur aimsigh sí ‘teiripeoirí a bhí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ‘a d’úsáid muid ar an chlár só bhí sé  suimiúil, go bhfuil an oiread daoine amuigh ansin ag plé le codanna éagsúla d’earnáil na folláine ar fud na tíre.’

Sonas, TG4, Dé Céadaoin, 8.30pm


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram