

Labhair an seaimpín Oilimpeach dúbáilte Kellie Harrington le déanaí faoi céard atá i gceist aici a dhéanamh sa todhchaí anois go bhfuil sí éirithe as an dornálaíocht – ach an bhféadfadh sí seasamh don Áras?
D’éirigh an Bleá Cliathach as an spórt anuraidh théis a bhuaigh bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras na Fraince don dara huair.

Anois go bhfuil Kellie 35 bliain d’aois áfach, bhfuil seans ar bith ann go bhféadfadh sí seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta i mbliana?
Agus í ag labhairt di ar chlár raidió Oliver Callan ar RTÉ le déanaí, thug Oliver faoi dearadh go raibh sí ‘inchailithe’ seasamh sa toghchán anois go bhfuil sí 35 bliain d’aois.
‘Níl clú agam cén chaoi gur féidir seasamh le bheith i d’Uachtarán,’ a dúirt an dornálaí agus í ag gáire.
‘Is mise Uachtarán Bhaile Átha Cliath 1, agus sin é an rud is tábhachtaí i ndáiríre.’
Dúirt Kellie freisin áfach gur ‘bhreá liom a bheith i mo chónaí ina theach áfach.
‘Samhlaigh a bheith i do chónaí ann, bheadh an-spórt go deo ag na madraí ann.’
Labhair Kellie freisin faoin am a thug sí cuairt ar Áras an Uachtaráin anuraidh, théis na Cluichí Oilimpeacha.
‘Théis Pháras, fuaireamar ar fad cuireadh,’ a dúirt sí. ‘Tá bia deas acu ann.
‘Bhí na cistí thar cionn!’
D’iarr Oliver ar Kellie freisin faoin méid a bheidh ar siúl aici amach anseo, agus chuir sé ceist uirthi an mbeadh fonn uirthi glacadh le ról ardfheidhmíochta (high performance) le Spórt Éireann nó eagraíocht cosúil le sin.

Dúirt Kellie nár iarr aon duine uirthi rud mar sin a dhéanamh ach bheadh sí breá sásta machnamh a dhéanamh air.
‘Faoi láthair, ba bhreá liom siopa caife nó rud mar sin a oscailt. Is breá liom daoine a thabhairt le chéile’ a dúirt sí.
‘Is léir go bhfuil machnamh déanta agat ar seo’ a dúirt Oliver nuair a mhínigh Kellie go mbíonn an-chuid ama aici idir na troideanna dornálaíochta ag na Cluichí Oilimpeacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.