

Tá Vladimir Putin faoi bhrú deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, tar éis do Volodymyr Zelensky tacaíocht a thabhairt do phlean síochána Mheiriceá.
D’aontaigh oifigigh shinsearacha na hÚcráine le moladh Meiriceánach maidir le sos cogaidh 30 lá, rud a d’fhéadfadh deireadh a chur le trí bliana cogaidh tar éis ionradh na Rúise.

Glac siad leis an ‘margadh san fhásach’ tar éis naoi n-uaire an chloig de dhianchainteanna i gcathair na hAraibe Sádaí, Jeddah.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go labhródh sé le Putin, ag rá le tuairisceoirí: ‘”It takes two to tango”. Tá súil agam go n-aontóidh sé.’
Tagann sé seo 11 lá ó d’fhág Uachtarán Zelensky an Teach Bán tar éis sraith maslaí feargacha ó Donald Trump agus a leas-uachtarán JD Vance.
Dúirt Comhairleoir Slándála Náisiúnta na SAM Mike Waltz go mbeidh cúnamh míleata agus eolas faisnéise ar fáil arís don Úcráin, rud a cuireadh ar fionraí i ndiaidh argóint na hOifige Oval.
Dúirt Trump go dtabharfadh sé cuireadh do cheannaire na hÚcráine filleadh ar an Teach Bán.
Agus tá ceannairí domhanda ag cur brú ar Putin aontú leis an sos cogaidh agus stop a chur leis an troid.
Dúirt Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Marco Rubio go gcuirfí an plean síochána chuig an Kremlin an tseachtain seo, agus dúirt an Úcráin go bhfuil siad réidh glacadh leis an moladh le haghaidh sos cogaidh tosaigh 30 lá ar an talamh, ar muir agus sa spéir leis an Rúis.
Dúirt Rubio go bhfuil siad ag fanacht ar fhreagra ón Rúis.
Tá rioscaí don dá thaobh sa togra sos comhraic seo.

Maidir leis an Úcráin, tá an baol ann go nglacfar leis na línte tosaigh atá ann faoi láthair, rud a chruthódh teorainn de facto idir an Úcráin agus an chríoch ar fad ar urghabh an Rúis go mídhleathach.
Tá rabhadh tugtha ag na Meiriceánaigh cheana féin do Kyiv go gcaithfeadh sé cuid dá chríoch a thabhairt suas chun stop a chur leis an gcogadh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.