

Thug an t-imreoir dairteanna Éireannach Michael Flynn le fios an sciob sceab aisteach a bhí ar siúl aige sular éirigh leis an mbua a fháil i gcoinne Michael van Gerwen, imreoir atá trí chorn domhanda buaite aige cheana.
Bhí an Players Championship 3 ar siúl i Rosmalen san Ísiltír níos túisce sa tseachtain, agus d’éirigh le Chris Dobey an chraobh a bhuachan ar deireadh.
Ach sa chéad bhabhta, bhí casadh sa scéal nuair a thug an t-imreoir amaitéarach agus oibrí cúraim shóisialta as Luimneach aghaidh ar MVG.

D’éirigh le Michael Flynn bua 6-5 a fháil ina choinne agus bhí sé mar cheann de na 64 imreoir deireanach sa chomórtas sular tharraing sé siar tar éis imirt i gcoinne Tytus Kanik ón bPolainn.
Bhí an t-ádh air cáiliú don chomórtas mar tharraing imreoirí eile amach as, agus thug sé le fios go raibh sciob sceab i gceist nuair a fuair sé glaoch Dé Domhnaigh seo caite le rá leis go mbeadh ar eitilt chun na hÍsiltíre a chuir in áireamh.
‘Bhí mé ag cothú m’iníon thart ar 11rn agus fuair mé scairt ghutháin – mo bhainisteoir Greg a bhí ann,’ a dúirt Michael ar an raidió.
‘Dúirt sé, “Tá tú tar éis áit a fháil ar an Pro Tour. Meas tú an mbeifeá in ann a bheith san Ísiltír go luath mar tá tú ag imirt amárach.
‘Labhair mé le mo bhainisteoir oibre. Bhí sí thar a bheith deas faoi. Thuig sí céard a tharla agus bhí sí in ann am saor a thabhairt dom. Agus sheas na leaideanna eile isteach i m’áit agus rinne siad na jabanna a bhí ar siúl agam.

‘Bhí an leanbh ina cathaoir cúl-ard agus ghlac mo bhean chéile leis. Bhí mé ar an bhfón ar feadh fiche nóiméad. Bhí mé féin agus Greg ag breathnú ar eitiltí ag lorg ceann ó Bhaile Átha Cliath mar ní raibh ceann oiriúnac ar fáil in Aerfort na Sionainne.
‘D’aimsíomar eitilt ag 5.50in agus roghnaíomar é sin. Phacáil mé mo mhálaí agus bhuail mé an bóthar go sciobtha.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.