

Tá ceannaire Shamrock Rovers Stephen Bradley ar dhuine de bhainisteoirí iontacha foirne Sacair na hÉireann atá freagrach as an méadú atá ag teacht ar an éileamh atá ar an spórt anseo.
Cuidíonn an comhaontú teilifíse nua do bhreis sacair Éireannach ar oícheanta Dé hAoine agus tá bainisteoirí eile ar nós Damian Duff ag cur leis an dul chun cinn freisin, ar ndóigh.
Sampla de chomh coitianta is atá an cluiche anseo anois is ea an 33,000 a d’fhreastail ar an gcluiche mór Dé Domhnaigh seo caite san Aviva idir Shamrock Rovers agus Bohemians.

Mar sin féin, níl eagla ar Bradley labhairt amach faoi na fadhbanna atá fós ann.
Chuir sé i leith bainisteoir Phoblacht na hÉireann Heimir Hallgrímsson as a bheith ‘dímheasúil’ do Chraobh na hÉireann.
Labhair Bradley faoin slua ollmhór Dé Domhnaigh seo caite, ag tabhairt le fios nach raibh Hallgrímsson ann nuair a bhí Bohemians ina mbuaiteoirí in aghaidh Rovers 1-0, sa chéad chluiche de Phríomhroinn na hÉireann.
‘Tá bainisteoir idirnáisiúnta againn ag rá le m’imreoirí imeacht le go mbeidh deis acu imirt d’Éirinn,’ a dúirt sé.
‘Sin í an teachtaireacht a tháinig amach tar éis ár seasamh Eorpach um Nollaig,’ a dúirt Bradley.
Tá fearg air mar tar éis an bhua iontach 1-0 do Rovers an tseachtain seo caite i gcoinne Molde FK, i tSraith Comhdhála Europa (Europa Conference League), dúirt Hallgrímsson go raibh súil aige go bhfaighidh imreoirí Shamrock Rovers ‘athrú gairme ón rath seo’.

‘Tá sé sin thar a bheith dímheasúil dom féin agus don tsraith agus do gach duine a oibríonn sa tsraith seo,’ a dúirt bainisteoir Rovers.
‘Tá a thuairimí ar ár n-imreoirí ag bogadh, chun seans a thabhairt dóibh féin imirt d’fhoireann na hÉireann, fíor-ghreannmhar. Tá sé gearrtha amach ón saol. Tá sé dochreidte. Táimid ag iarraidh sraithchomórtas a fhás agus imreoirí a mhealladh chun fanacht anseo.’
Agus tá cúiseanna maithe aige a bheith buartha faoin méid a dúirt bainisteoir na hÉireann. Tá ag éirí go maith le Rovers san Eoraip, mar atá ag clubanna eile, agus tá tallann nua á chur chun cinn acu.
Níl an réalta nua Rovers, Michael Noonan, ach 16 bliana d’aois. Scóráil sé an cúl a bhuaigh an cluiche i gcoinne Molde, agus bhí sé ar ais ar scoil níos déanaí sa tseachtain.
Tá sé seo go hiontach do Rovers agus do shacar na hÉireann ach is í an cheist atá á cur ag lucht leanúna ná: Cá bhfuil na himreoirí óga atá 18 agus 19 bliain d’aois a bhfuil tallann acu?
Freagra: Tá siad in acadaimh nó ag imirt do chlubanna thar lear.
Ag am atá clubanna sacair na hÉireann ag cur trioblóidí an ama atá thart taobh thiar dóibh agus ag tógáil clubanna láidre atá ag éirí go maith san Eoraip, tá Hallgrímsson, bainisteoir idirnáisiúnta na hÉireann, ag baint an bonn dá n-iarrachtaí.
Ag labhairt dó leis an Irish Times an tseachtain seo caite, mhínigh Bradley a uaillmhianta.
‘Nílimid anseo ach le bheith anseo. Ní hé sin ár meon riamh. Ní hé sin an rud a labhraímid faoi sa seomra feistis, ní hé an rud a labhraímid faoi sa chlub, ní chreidim go gcuirfí teorainn leis an méid is féidir linn a dhéanamh,’ a dúirt sé.
Ó mhí an Mheithimh seo caite bhí Rovers ag imirt in aghaidh 11 chlub agus is léir nach raibh ach trí chlub níos fearr ná iad – Chelsea, Sparta Prág agus PAOK.
Sin toisc nach raibh easpa uaillmhian ag Bradley riamh, do Rovers ná don tsraith.
Agus sin an fáth ar chuir tuairimí bhainisteoir na hÉireann fearg air.
Dúirt sé leis an Irish Times: ‘Is am iontach é don tsraith Is iontach an rud é go bhfuil líon an freastal ag dul i méid.’
Dúirt sé fiú: ‘Sílim gur rud maith don tsraith iomlán é gur bhuaigh Shels anuraidh. Ní dúinne ar ndóigh, ach tá sé ar fheabhas don tsraith. Is iontach an rud é an té a bhuaigh an sraith, agus é tuillte go maith.
‘Tá Damien Duff (atá ina bhainisteoir ar Shelbourne) ar fheabhas don tsraith, le Stephen [Kenny] páirteach, John Caulfield chomh maith, fós ina bhainisteoir den scoth. Doire agus Sligeach ag déanamh athruithe, Corcaigh ar ais isteach – is rudaí maithe iad seo ar fad,’ a dúirt sé.

‘Sílim nach bhfuil sa mhargadh nua teilifíse ach an tús. Ní féidir leat a bheith an-spreagúil faoi, ach tá sé ceart go leor. Tabharfaidh sé níos mó nochta thar thréimhse ama níos faide.
‘Ach i ndáiríre tá airgead ag teastáil uainn ag teacht isteach ón teilifís agus sin an chéad chéim eile.
‘Tá an nochtadh go breá, tá clúdach ceart go leor, ach caithfidh margadh teilifíse airgead a thabhairt isteach sa tsraith. Ní féidir linn éirí as. Ní féidir linn a bheith ag smaoineamh, ‘Tá sé seo againn anois agus tá gach duine sásta’,” a dúirt Bradley.
Agus is dócha go dteastaíonn bainisteoir idirnáisiúnta uainn a bhfuil a fhios aige cad atá ar siúl in Éirinn freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.