Bí ag faire amach do ‘scammers’ rómánsaíochta ar an Lá Fhéile Vailintín seo

12/02/2025

Gach bliain ag an am seo bíonn an Garda Síochána ag impí ar an bpobal a bheith feasach ar chalaois rómánsaíochta (romance fraud) mar gheall ar Lá Fhéile Vailintín agus iad ag tabhairt le fios gur goideadh breis is €1 milliún in aghaidh na bliana roimhe seo.

Is mná iad 70% díobh siúd a thiteann ina n-íospartaigh.

Romance 1168x681 1

Tarlaíonn calaois rómánsacha ar feadh na bliana ar fad, agus ní ar Lá Vailintín amháin.

Tá Gardaí ag rá le daoine a bheith san airdeall ar chaidrimh ar líne, go háirithe nuair a iarrtar airgead orthu nó infheistíocht a dhéanamh i scéim nó i ngnó.

Dúradh cheana féin i ráiteas ón nGarda Síochána gur féidir le calaoiseoirí iarracht a dhéanamh ar a n-íospartaigh airgead a sheoladh chucu trí leithscéalta ar nós costais taistil chun an t-íospartach a fheiceáil nó as costais leighis nó billí eile a chlúdach.

Tugtar deiseanna gnó a mhaíonn go gcuidíonn siad leis an íospartach brabús maith a dhéanamh freisin.

Tá nasc atá ag méadú i gcónaí idir calaois rómánsaíochta agus calaois infheistíochta.

money1

In go leor cásanna, iarrfaidh ‘scammers’ ar íospartaigh infheistíocht a dhéanamh i scéim nó i ngnó calaoiseach. I ndeireadh na dála déantar na cistí a aistriú chuig an calaoiseoir trí roinnt cuntas nasctha le hinfheistíochtaí den sórt sin.

Chomh maith leis sin tá rioscaí ollmhóra ag baint le hinfheistiú i ‘crypto currencies’.

Moltar don phobal comhairle ghairmiúil agus dhlíthiúil a lorg sula ndéanann siad infheistíocht in aon cheann de na tionscnaimh seo.

Tá An Garda Síochána tar éis a bheith ag obair go dlúth le Europol chun ‘cur isteach ar ghníomhaíochtaí na scamadóirí rómánsacha’ le béim ar leith ar dhronganna coireachta eagraithe a théann i ngleic.

• Bain úsáid as suíomhanna ghréasáin iontaofa amháin

Cad is féidir linn a dhéanamh?

• Ná roinn sonraí pearsanta

• Ná seol nó ná faigh airgead

• Smaoinigh faoi dhó roimh úsáid a bhaint as do ceamara gréasáin

• Bíodh muinín agat as tú féin

• Ná íoc as billí leighis, ceannaigh eitiltí, nó Visa, ná íoc as táillí custaim ná déan aon íocaíocht as teacht ar cuairt chugat

• Ná infheistiú in aon ‘deiseanna’ ó dhuine ar bhuail tú leo ar líne

Le haghaidh tuilleadh comhairle nó faisnéise, nó má chreideann tú gur íospartach calaoise rómánsacha tú, déan teagmháil le haon Stáisiún Garda.

‘Bí cinnte go ndéileálfaidh an Garda Síochána le gach tuairisc faoi rún,’ a deir siad.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram