Ná bac le Páras, tá an Cabhán i gcroílár Love Ireland

Déan dearmad ar Villa Love Island agus smaoinigh ar Cabhán an Grá.

Is é an Cabhán an áit is rómánsaí in Éirinn, áit a léiríonn leannáin gur bréag iad na líomhaintí nach bhfuil muintir na háite flaithiúil.

Chaith siad níos mó ná dhá oiread an méid a chaith siad anuraidh ar bronntanais  Lá Fhéile Vailintín.

valentines day 3 1168x681 1

Tháinig méadú ollmhór ar caitheamh na ‘Lovebirds’ ar bronntanais  dá ghrá gheala ar fud na tíre, le méadú 62% ar chaiteachas ar spá; méadú 58% ar cúraimí áilleachta; méadú 47% ar seodra; méadú 46% ar seacláidí: agus méadú 13% ar cumhrán (perfume), de réir Spending Pulse de chuid Bhanc na hÉireann.

Mar sin féin, bhí an Cabhán chun tosaigh i gcaiteachas Lá Fhéile Vailintín, 126% níos mó i gcomparáid leis an mbliain seo caite.

Chaith daoine in Uíbh Fhailí 49% breise, bhí Cill Mhantáin suas 38% agus bhí Ros Comáin agus Sligeach araon suas 29% sa chaiteachas ar bhronntanais rómánsúla i gcomparáid leis an mbliain seo caite.

Bhí rudaí a fhad níos measa, áfach, ó thaobh caiteachais in áiteanna eile in Éirinn.

Is léir nach raibh muintir Phort Láirge ag mothú an ghrá, le laghdú 35% ar chaiteachas Lá Fhéile Vailintín agus thit caiteachas mhuintir Liatroma 28%.

Bhí Cill Dara síos 19%, chaith Ciarraí 18% níos lú ná anuraidh agus bhí Cill Chainnigh síos 12%.

Valentines Day 3 1 15168x681 1

I gcomparáid na ngnéas chun a fháil amach cé na daoine atá níos fearr ag taispeáint an grá dá comhpháirtí, fir nó mná, is scéal casta é. Chaith fir i bhfad níos mó – 82% – ar bhláthanna, i gcomparáid le 18% de mhná agus bhí caiteachas ar bhoscaí seacláide roinnte go cothrom, 50/50.

Maidir le seodra, chaith fir níos mó freisin – 66% – ar 14 Feabhra, i gcomparáid le 34% de chomhpháirtithe baineanna.

Léirigh caiteachas ar chumhrán scoilt beagnach cothrom le fir ag déanamh suas 52% den chaiteachas ar an mboladh speisialta sin.

Dúirt Jilly Clarkin ó Bhanc na hÉireann: ‘Déan dearmad ar Pháras nó ar an Róimh, ba é an Cabhán an áit le bheith ann do Lá Fhéile Vailintín i mbliana.

‘Ní gá dóibh siúd atá ag maíomh go bhfuil an rómánsaíocht marbh ach breathnú ar an gCabhán le fios a bheith acu go raibh daoine sásta caitheamh le Lá Fhéile Vailintín.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram