Rabhadh Revolut faoi scam ‘shoulder surfing’ agus tacsaí bréagach

D’eisigh Revolut rabhadh scamála nua do chustaiméirí roimh an Nollaig, a bhaineann le ‘gualainn surfáil’ (shoulder surfing) agus tacsaí breagach.

Tá an aip baincéireachta ag rá le daoine a bheith airdeallach (vigilant) an séasúr féilte seo mar go bhfuil siopadóirí agus daoine amach don oíche á robáil.

Mhínigh siad go n-úsáidfidh ‘scammers’ teicníocht ar a dtugtar ‘gualainn surfáil’ (shoulder surfing) chomh maith le tacsaithe bréige chun é seo a dhéanamh.

Is féidir leis na ‘scammers’ daoine áirithe a log agus ansin déanfaidh siad iarracht an focal faire dá bhfóin phóca a fheiceáil thar a ngualainn. Nuair a fheiceann siad an focal faire déanfaidh siad iarracht an fón a ghoid.

bank card

Uaireanta déantar é seo trí úsáid a bhaint as ‘scammers’ eile le ‘tacsaí bréagach’. Fanfaidh an gadaí go dtí go mbeidh an t-íospartach ag fágáil chun glaoch.

Tar éis sin, is féidir an fón a ghoid ag baint úsáide as modhanna éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh an tiománaí a rá go gcaithfidh siad léarscáileanna a sheiceáil ar an fón. Má tá do phasfhocal ar do fón mar an gcéanna leis an gceann ar Revolut, beidh sé i bhfad níos éasca do gadaithe do chuid airgid a ghoid.

Nuair a bheidh rochtain (access) acu ar do fón, féadfaidh siad an fíorú aghaidhe (face verification) a athrú chomh maith le rochtain a fháil ar chártaí eile.

Dúirt urlabhraí Revolut: ‘Má goideadh do fón tá sé tábhachtach go ndéanann tú teagmháil linn chomh luath agus is féidir, tríd an “in-app chat”, ionas gur féidir linn cabhrú le do chuntas a dhéanamh slán. Bain úsáid as fón póca cara nó duine muinteartha a bhfuil muinín agat as chun rochtain a fháil ar do chuntas Revolut.

‘Chun labhairt lenár bhfoireann tacaíochta, tapáil ar do phróifíl ar bharr na láimhe clé den scáileán: home screen > Help > New chat.

‘Má theastaíonn cabhair uait agus tú á atreorú chuig comhrá, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin trí DM ar na meáin shóisialta nó trínár r-phost tiomnaithe report.fraud@revolut.com.

‘Má úsáideann tú aipeanna baincéireachta eile, tuairiscigh an goid dóibh láithreach bonn freisin.’

Tá an aip bhaincéireachta ag rá le custaiméirí a bheith airdeallach trí bheith ag faire amach do lucht ‘gualainn surfáil’ (shoulder surfing), ag cinntiú go bhfuil a bpasfhocail ar an fón agus bhaincéireachta difriúil, agus a bheith san airdeall ar tacsaí breagach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram