Cúiteamh €12k do fhear, 48 bliain d’aois, a dúradh leis go raibh sé ró-aosta le dul isteach sna gardaí

10/02/2023

D’ordaigh an Chúirt Oibreachais (Labour Court) do na Gardaí €12,700 a íoc le fear a rinne iarratas ar bheith ina gharda ag 48 bliain d’aois.

Dúirt an chúirt go ndearnadh leithcheal (discrimination) ar an fhear agus ar fhear eile, a bhí 37 bliain d’aois, mar gheall ar a n-aois.

Drew Harris Feature Image 768x448 1
Drew Harris

Dúirt sí go bhfuil teorainn aoise de 35 ag na Gardaí d’iarratasóirí nua leithchealach (discriminatory).

D’ordaigh an Chúirt don fhórsa cúiteamh €25,400 a íoc nó €12,700 an ceann – do bheirt iarrthóirí poist nár éirigh leo, Ronald Boyle agus Brian Fitzpatrick.

Tháinig an rialú in ainneoin do Choimisinéir an Gharda Drew Harris a rá leis an chúirt go bhfuil an uasteorainn aoise 35 d’iontrálaithe nua don Gharda Síochána ‘riachtanach’.

Bhí an tUasal Harris mar phríomhfhinné an Gharda Síochána thar cheithre lá d’éisteacht sa Chúirt Oibreachais maidir leis an dá chás.

Dúirt sé go bhfuil an tseirbhís póilíneachta in Éirinn freagrach as slándáil náisiúnta, frithsceimhlitheoireacht agus imscrúdú mórchoireachta.

Luaigh sé roinnt feidhmeanna a mbeadh leibhéal ard cumais fhisiciúil agus aclaíocht fhisiciúil ag teastáil uathu. Dúirt sé go n-éilíonn baill an fhórsa an stamina a bheith chomh airdeallach ag deireadh an tsift agus atá siad ag a thús.

Garda 3 1168x681 1

Rinne an tUasal Boyle iarratas ar dhul isteach sa Gharda ag 48 bliain d’aois, i 2005, ach níor próiseáladh a iarratas mar dúradh leis nár chomhlíon sé an teorainn aoise 35 bliain d’iontrálaithe nua.

Dúirt sé go gcreideann sé go mbeadh an riachtanas maidir le folláine (fitness) coirp déánta aige agus go ndearnadh idirdhealú ina aghaidh ar fhorais aoise contrártha don Acht um Chomhionannas Fostaíochta (Employment Equality Act).

Bhí an tUasal Fitzpatrick 37 bliain d’aois nuair nár cuireadh a iarratas ar phost chun cinn.

Dúirt sé leis an gCúirt Oibreachais go raibh sé aclaí go fisiciúil ag an am agus go bhfuil sé fós, agus go bhfuil ceann dá jabanna a bheith mar theagascóir snámha.

Thug ceathrar finnéithe saineolacha fianaise thar ceann an bheirt fhear.

Chuir siad tús lena gcásanna in 2006/07 mar gheall ar ‘an anacair (distress) a d’fhulaing siad de bharr an idirdhealaithe seo’. Rinne  Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (Irish Human Rights and Equality Commission) ionadaíocht ar an mbeirt acu.

In 2020, chinn an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (Workplace Relations Commission, WRC) ina bhfabhar, ag ordú cúiteamh de €12,700 i ngach cás. Ach rinne an Garda agus an tAire Dlí agus Cirt achomharc chuig an gCúirt Oibreachais maidir leis na rialuithe sin.

I rialú na Cúirte Oibreachais, dúirt leaschathaoirleach na Cúirte, Louise O’Donnell, gur chinn an chúirt go raibh an teorainn aoise de 35 ‘neamhoiriúnach nó riachtanach’.

Gardai main 1 768x448 1

I gcás Boyle, a foilsíodh inné, dúirt Ms O’Donnell gur admhaigh an Garda Síochána gur ardaigh an tUasal Boyle cás prima facie idirdhealaithe ar chúis na haoise.

Dúirt sí gur chinn an Chúirt nach bhfuil an aois uasta 35 bliana, mar atá ar fáil i rialacháin ó 1998, ‘ina riachtanas gairme’ agus ‘nach bhfuil údar oibiachtúil ag baint leis’.

Dúirt sí go ndearna an chúirt an cinneadh seo ag féachaint don chuspóir maidir le hoiliúint a chur ar earcaigh Garda agus an gá atá le tréimhse ama réasúnta a bheith ann roimh scor, nuair a bheidh an earcach éifeachtach sa phost.

Chinn an chúirt gur theip ar an bhfórsa comhghaol a bhunú idir an ceanglas maidir le hardleibhéal aclaíochta agus an ceanglas earcú go heisiach faoi 35 bliana d’aois.

Chinn sí freisin nach raibh aon fhianaise os comhair na cúirte a thabharfadh le fios nach raibh gardaí d’aois áirithe in ann cuid dá gcuid dualgas nó iad go léir a chomhlíonadh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram