Sam Prendergast agus a pháirtí Anna Walsh: Scéal an ghrá

11/02/2025

Do lucht leanúna áirithe tá Sam Prendergast tagtha chun tosaigh go tobann, ach tá sé thart ar feadh tamaill. Seo scéal Sam

Tá an chuma ar an scéal faoi láthair go bhfuil Sam Maguire sa dara háit, agus Sam eile ag teacht chun cinn i spórt na hÉireann.

Sam agus Anna
Sam agus Anna

Tá Sam Prendergast ag dul i bhfeidhm ar a chomhimreoirí, na tráchtairí spóirt, agus níos tábhachtaí fós, imreoirí an fhreasúra.

Agus taobh leis i gcónaí feictear a chailín Anna Walsh, a rinne ceiliúradh leis ar bhua na hÉireann 18-32 ar Albain Dé Domhnaigh, i gcluiche na Sé Náisiún ag Murrayfield in Albain.

Agus é mar Imreoir an Chluiche, bhí ról lárnach ag Prendergast i mbua na hÉireann agus rinne Anna comhghairdeas leis tar éis an chluiche.

Roinn an lánúin nóiméad bródúil le chéile ar an dtaobhlíneleis an lucht leanúna
Roinn an lánúin nóiméad bródúil le chéile ar an dtaobhlíneleis an lucht leanúna

Roinn an lánúin nóiméad bródúil le chéile ar an dtaobhlíneleis an lucht leanúna.

Coinníonn Anna a caidreamh le Sam sách príobháideach.

Oibríonn sí i gcaidreamh poiblí (PR) agus fuair sí céim bhaitsiléara sna hEolaíochtaí Sóisialta le déanaí.

Chuaigh an lánúin go hoifigiúil ar Instagram lena rómánsaíocht i mí an Mhárta 2022.

Cé nár roinn Sam go poiblí an chaoi ar bhuail siad le chéile, chuir sé spléachadh ar a gcaidreamh ar na meáin shóisialta.

Chuir sé tús lena ghairm bheatha idirnáisiúnta do na hÉireannaigh faoi 20 bliain d’aois i 2022.

D’aithin BBC Sport é níos déanaí mar cheann de na réaltaí i gcomórtas faoi-20 na Sé Náisiún 2023.

sam game

Roghnaíodh é do scuad na Sé Náisiún 2024 mar bhall den phainéal traenála. Níor imir sé in aon cheann de na cluichí tástála le linn na craobhchomórtais ach bhí sé san áireamh sna campaí traenála.

Glaodh ar scuad sinsearach na hÉireann do chluichí idirnáisiúnta an Fhómhair 2024 é agus bhí sé ina chéad chluiche sinsir mar ionadaí sa dara leath do chluiche na hÉireann in aghaidh na hAirgintíne i mí na Samhna.

sam and anna

Anois tá bua eile á cheiliúradh aige mar Uimh. 10 ar fhoireann na hÉireann sna Sé Náisiún.

Agus táthar ag súil le i bhfad níos mó ó réalta óg rugbaí na hÉireann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram