Téann Seaimpíní an Grand Slam isteach sna Sé Náisiún le hathruithe móra. Tar éis na fadhbanna i gCorn an Domhain, beidh gá le muinín a athbhunú.
Tá Johnny Sexton imithe – bhíothas ag súil leis sin. Ach mar sin féin tá Mack Hansen, a ainmníodh do ghradam Imreoir na Comórtas (Player of the Tournament) 12 mhí ó shin, imithe freisin.
Agus beidh Jimmy O’Brien as Cúige Laighean as láthair ar feadh tamaill freisin.
Tá Hansen, atá 25 bliain d’aois, ina laoch ar an bhfoireann ó fheachtas 2022 agus mar sin anois caithfidh foireann cóitseálaí na hÉireann duine eile a aimsiú ina áit.
Seo cúigear iarrthóirí oiriúnacha:
1. Jordan Larmour
Bhíothas ag súil go n-éireodh go maith leis nuair a tháinig Farrell tar éis Schmidt, agus é thar cionn leis an liathróid ina láimh ach bhí a imirt cosantach lag.
Thug Larmour aghaidh freisin ar imreoirí cumasacha (talented) mar Hugo Keenan, James Lowe agus Hansen.
Níor roghnaíodh é do Chorn an Domhain ach beidh súil aige an glaoch a fháil tar éis dó déanamh go maith do Chúige Laighean.
Níl aon dabht faoina scileanna ionsaithe ach seans go bhfuil Farrell buartha faoina chumas cosantach.
2. Rob Baloucoune
Gan dabht tá Baloucoune – cosúil le Larmour – go tapa san ionsaí agus tá sé níos fearr ná Lamour ó thaobh cosanta de, cé nár chuaigh sé i bhfeidhm ar na ceannairí le 12 mhí anuas.
Tugadh tús do I gcluichí i ndiaidh a chéile leis i dTrialacha na Samhna (November Tests) in 2022, chun é a ullmhú do Chorn an Domhain de réir dealraimh, ach fágadh ar lár é do na cluichí móra.
Níl aon amhras ach go bhfuil sé cumasach (talented) ach b’fhéidir go rachadh a dhíograis (eagerness) chun fanacht leathan (wide) ina choinne. Is maith le Farrell a chuid imreoirí ar an sciathán (wing players) ag teacht isteach níos lárnaí (central) agus a bheith páirteach.
3. Calvin Nash
Níor imir Nash ach in aon chluiche amháin de chuid Chorn an Domhain, in aghaidh na hIodáile. Mar sin féin, is cosúil gurb é an t-imreoir eile is mó a oireann in ionad Hansen.
D’éirigh go maith le iar-chaptaen na hÉireann faoi-20-bliain, an séasúr seo caite, ag tosú le camchuairt iontach ‘Emerging Ireland’, sular threoraigh sé ionsaí na Mumhan ar an mbealach go dtí rath Corn an URC.
Tá sé cosúil le Larmour i dtéarmaí a mheascán de choisbheart mín (fine footwork) agus rith seachanta (evasive running).
Tá moltaí ann nach roghnódh Farrell é mar nár imir sé mórán nóiméad Tástála rugbaí (Test rugby). Mar sin féin, thug Farrell seans do Hansen agus d’éirigh go maith leis sin.
4. Jacob Stockdale
Cosúil le Larmour, breathnaíodh ar Stockdale mar thallann iontach ach níl mórán déanta aige ó ré Schmidt.
Rinne laigí cosanta dochar d’fhear Uladh, a bhí san áireamh sa scuad traenála roimh Chorn an Domhain, cé nár éirigh leis an leas is fearr a bhaint as an deis.
Chaith sé beagnach dhá bhliain gan úd (try) i ndathanna Uladh roimh an séasúr seo, rud nach gcuidíonn lena chás. Bíonn sé gasta ach is annamh a chaitheann sé an geansaí uimhir 14, rud eile a d’fhéadfadh dul ina choinne fiú dá mbeadh sé níos fearr an séasúr seo.
5, Shane Daly
Is féidir le Daly imirt áit ar bith ar fud na dtrí ar chúil– rud a bhí ina acmhainn iontach do Chúige Mumhan le séasúir anuas.
Tá a fhios ag Farrell cad is féidir leis a thabhairt leis, agus é á úsáid ar dtús i gCorn na Náisiún san Fhómhar go déanach in 2020.
An rud atá in easnamh air i gcáilíocht réalta, déanann sé suas dó agus é ag déanamh jab maith de na bunghnéithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.