Anailís: Ceithre phointe an-suimiúla faoi scuad nua na hÉireann do na Sé Náisiún

18/01/2024

Le Peter O’Mahony tá captaen ag Andy Farrell a bhfuil stair aige mar cheannaire maith, ach an bhfuil an Sasanach ag pleanáil don todhchaí le scuad na Sé Náisiún

Bhí rath againn ar na Sé Náisiún anuraidh. Bhí rath éigin agus teip éigin freisin i gCorn an Domhain. Tá an t-am sin imithe, áfach.

Caithfidh bainisteoir na hÉireann Andy Farrell tosú arís agus tá scuad an-suimiúil roghnaithe aige do na Sé Náisiún 2024 atá le teacht.

Agus mar is gnáth tá neart cúise le díospóireacht.

Tá captaen nua agus painéal le 34 imreoir ainmnithe ag na Sasanaigh do chomórtas na Sé Náisiún agus iad sa tóir ar bhuanna Grand Slam as a chéile.

Seo ceithre mhórphointe cainte ón roghnúchán:

Peter O’Mahony a bheidh ina chaptaen do na Sé Náisiún
Peter O’Mahony a bheidh ina chaptaen do na Sé Náisiún

An é O’Mahony an rogha cheart mar chaptaen?

Don ghearrthéarma ba é seo an rogha cheart. Treoróidh Peter O’Mahony Éire isteach sna Sé Náisiún 2024 agus tá an taithí aige chun jab maith a dhéanamh.

Bhíothas ag súil go forleathan gurb é féin a bheadh ann nuair a roghnaigh sé an ról sin a fhágáil le Cúige Mumhan. Sin ról a bhí aige ar feadh deich mbliana go dtí cúpla mí ó shin.

Agus scrúdú á dhéanamh ar an 15 imreoir is dóichí a thosóidh d’Éirinn in aon chluiche, níl aon seanfhondúir (veteran) eile cosúil leis.

Tá spás mór fágtha ag Johnny Sexton lena scor tar éis dó a bheith ag imirt i 118 cluiche.

D’fhreagair Farrell é sin nuair a chuir sé seanfhondúir (veteran) eile, O’Mahony, in áit Sexton mar cheannaire na foirne ar an bpáirc.

Mar sin féin, tá cáinteoirí Farrell ag rá gur fhreagra gearrthéarmach é seo, mar go bhfuil an fear as Corcaigh 38 bliain d’aois agus go mbeidh gá le duine eile a chur ina áit go luath.

Ar an taobh eile, deir lucht tacaíochta Farrell gur cheart breathnú ar ról O’Mahony mar cheannaire do Chúige Mumhan chun a thuiscint gurb é an rogha is fearr leis an jab a dhéanamh, ar feadh tamaill ar aon nós.

Calvin Nash
Calvin Nash

Cén fáth nach bhfuil imreoirí óga ar bith nár imir d’Éirinn roimhe seo?

Is é an fhormáid is fearr in aon spóirt ina bhfuil foirne i gceist ná meascán d’imreoirí óga cumasacha agus seanfhondúirí (veterans) a bhfuil taithí acu ar an gcluiche. Inseoidh bainisteoirí ó Jack O’Connor as Ciarraí go Jurgen Klopp as Learpholl é sin duit.

Agus Éire ag ullmhú do na Sé Náisiún tar éis an méid a tharla i gCorn an Domhain bhíothas ag súil go ndéanfadh Farrell an méid a rinne sé i 2020 agus imreoirí óga nár imir d’Éirinn roimhe seo a thabhairt isteach.

Níl sé sin déanta aige, áfach.

Mar sin féin, mar a deirtear i mBéarla ‘Evolution not revolution’. Sin an rud atá in intinn an Sasanach, b’fhéidir, nach bhfuil ag smaoineamh ar thairiscint na hÉireann do Chorn Webb Ellis i 2027.

Mar thoradh air sin, níl aon imreoirí nár imir d’Éirinn roimhe seo ina phainéal 34 fear. Is rud é sin a tharraing cáineadh ó lucht leanúna an chluiche, go háirithe le heaspa Tom Ahern ó Chúige Mumhan. Tá sé sin ina ábhar conspóide.

Ní hé sin le rá gur seanfhondúirí (veterans) a bhfuil taithí acu, iad na 34 imreoir ar fad. B’fhéidir go mbeidh seans ag Calvin Nash agus Tom Stewart as Cúige Mumhan.

ireland FEAT

Tá súil amháin fós ag Farrell ar an todhchaí

Tá Ahern, atá 23 bliain d’aois, ag déanamh go hiontach do Chúige Mumhan agus mar sin bhí ionadh ar lucht leanúna nár éirigh leis áit a bhaint amach sa scuad.

Mar sin féin, beidh páirt le himirt aige fós.

Glacfaidh sé páirt mar cheann de thriúr ar ‘phainéal traenála’. Is imreoirí iad sin a ghlacfaidh páirt sa champa traenála réamh-chomórtas (pre-tournament) sa Phortaingéil níos déanaí an mhí seo.

In éineacht le hAhern beidh imreoir óg Laighean Sam Prendergast, imreoir eile nár imir d’Éirinn ach atá ag déanamh go han-mhaith anois.

Le sin is é an t-imreoir eile ar an bpainéal sin ná Oli Jager, ‘tighthead’ na Mumhan, a tháinig isteach ar an bhfoireann le déanaí.

Ag aois 28 bliain, tá taithí aige ar an chluiche agus d’fhéadfadh sé a bheith réidh le bheith ar an bpainéal i gcás gortaithe. Is buaiteoir Super Rugbaí cúig huaire é.

Ar cheart go mbeadh Simon Zebo sa scuad?

Is cuimhin leis an lucht leanúna go fóill Zebo ag rith tar éis chic Jack Crowley i Toulon agus an toradh iontach a bhí ann i gcoinne taobh na Fraince. Shíl Brian O’Driscoll gur thuill sé sin an ceart dó imirt d’Éirinn.

Ach ní bheidh Zebo ann do na Sé Náisiún.

Tar éis dó filleadh abhaile ó Racing níor chaith sé an geansaí glas.

Is é an cruth is déanaí atá ar an deis is fearr a bhí aige go fóill, ach níl áit ar bith fós d’fhear na Carraige Duibhe in ainneoin ganntanas sa triúr ar chúl.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: RUGBAÍ

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram