

Tá trúpaí Iosraelach tar éis tarraingt siar ó Chonair Netzarim, limistéar míleata a ghearrann tuaisceart Stráice Gaza ó dheas.
Thosaigh na céadta Palaistíneach i gcarranna agus ar chairteacha le tochtanna agus earraí eile ag filleadh ar thuaisceart Gaza tar éis do na trúpaí Iosraelacha imeacht.
Agus táthar ag súil go mbeidh toscaireacht Iosraelach ag eitilt go Catar (Qatar) atá i mbun cainteanna idir an dá thaobh i gcogadh Gaza.

Tá sé ráite ag an rialtas Iosraelach roimhe seo go bpléifidh an toscaireacht ar dtús ‘cúrsaí teicniúla’ maidir leis an gcéad chéim den chomhaontú sos cogaidh, seachas an dara céim níos dúshlánaí a bhfuil sé i gceist go mbeidh sos cogaidh buan mar thoradh air.
Ba é Príomh-Aire Iosraelach Benjamin Netanyahu an chéad cheannaire eachtrach a bhuail le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ó d’fhill sé ar an Teach Bán an 20 Eanáir.
Le linn na cuairte, dúirt Trump gur cheart muintir na Palaistíne ar fad sa chríoch a bhaint de agus gur cheart Gaza a iompú ina ‘Riviera an Mheánoirthir’.
Tá an moladh sin, a bheadh ina choir faoin dlí idirnáisiúnta, diúltaithe beagnach go huilíoch, lena n-áirítear stáit Arabacha.
Dúirt aireacht eachtrach na hAraibe Sádaí nach nglacfaidís le ‘aon sárú ar chearta na bPalaistíneach, agus le haon iarrachtaí díláithrithe’, agus é ag cúiseamh Iosrael as ‘glanadh eitneach (ethnic cleansing)’.
Mar sin féin, dúirt Uachtarán Iosrael Isaac Herzog leis an BBC go raibh sé in am smaointe nua a fháil ó SAM agus ó chomharsana Iosrael.
Tá tarraingt siar trúpaí Iosrael mar chuid de chomhaontú sos cogaidh Iosrael-Hamas an 19 Eanáir faoinar saoradh 16 giall Iosraelach agus 566 príosúnach Palaistíneacha go dtí seo.
Faoi dheireadh na chéad chéime den sos cogaidh i dtrí seachtaine, táthar ag súil go mbeidh 33 ghiall agus 1,900 príosúnach saor. Deir Iosrael go bhfuil ochtar den 33 marbh.
Maraíodh ar a laghad 48,189 Palaistíneach in ionsaithe Iosrael. Tá timpeall dhá thrian d’fhoirgnimh Gaza damáiste nó scriosta ag ionsaithe Iosrael.
Ar an Domhnach, chonacthas na sluaite Palaistíneach ag bogadh ó Thuaidh agus ar ais chuig a dtithe, tar éis do na trúpaí imeacht.

Theith thart ar 700,000 cónaitheoir i dtuaisceart Gaza go ceantair theas ag tús na n-ionsaithe ar phobail in Gaza, nuair a d’eisigh míleata Iosraelach orduithe aslonnaithe ollmhóra sular seoladh ionradh talún ar chríoch na Palaistíne.
Cuireadh iachall ar go leor díobh siúd bogadh go minic tar éis don arm dul isteach i ndeisceart Gaza freisin.
Cuireadh cosc orthu freisin filleadh ar a dtithe trí Chonair Netzarim, a shíneann ó theorainn Gaza-Iosrael go dtí an Mheánmhuir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.