

Cuireadh triúr san ospidéal tar éis ionsaí scian i rith an lae Dé Domhnaigh ag fear a roghnaigh a chuid íospartaigh ‘go randamach’.
Tharla an eachtra go gairid tar éis 2.30pm i gceantar Bóthair na gCloch (Stoneybatter) i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Gortaíodh beirt fhear agus fuair fear eile créacht nach raibh chomh tromchúiseach san ionsaí. Táthar ag súil go mairfidh siad go léir.
Mar sin féin, fuair duine de na fir gortuithe ‘a d’athróidh a shaol’.

Dúirt foinsí slándála gur fhulaing na fir gortuithe muiníl agus ‘ar a n-aghaidh’.
Creidtear go raibh an fear ag crochadh thart timpeall cheantar Bóthair na gCloch, armtha le scian.
Bhí beirt de na híospartaigh ag iarraidh dul isteach ina dtithe ag an am, agus bhí an fear eile ar an tsráid.
Tá Gardaí ag iarraidh a fháil amach cad a tharla, ach tá sé ráite acu nach cúis sceimhlitheoireachta é.
Dúirt finné amháin, Jamie Stewart, gur chuala sé screadaíl agus duine éigin ag béicíl go raibh siad sáfa san ionsaí.
‘Bhí muid istigh agus ansin ní raibh le cloisteáil ach, “Cabhair, cabhraigh, tá mé sáite”,’ a dúirt sé le RTÉ.
‘Chonaic daoine cad a tharla ach ní raibh a fhios acu cad a bhí ar siúl. Bhí daoine ag rith.’
Chonaic bean áitiúil Cindy Kinsella cuid de na gortuithe san ionsaí.
Dúirt sí: ‘Bhí siad á dtabhairt amach in otharcharr. Gearradh a n-aghaidh.
‘Tá sé dochreidte tráthnóna ciúin Dé Domhnaigh le daoine ag dul ag siúl sa pháirc.’
Dúirt Gardaí le daoine fanacht ina dtithe ar mhaithe lena sábháilteacht féin agus rinne siad an ceantar a dhaingniú go tapa.
Mar sin féin, gabhadh duine go han-luath tar éis an ionsaithe.
Dúirt foinsí slándála gur ‘míorúilt é nach bhfuair éinne bás san ionsaí.
Dúirt siad: ‘Is annamh a dhéantar ionsaí ar thriúr ar an mbealach seo agus gan aon duine a bheith gortaithe go dona nó marbh.’
Bhí tuairiscí ag Gardaí go raibh fear ag crochadh timpeall sa cheantar.
‘Dealraíonn sé go raibh sé ag fanacht sa cheantar agus é armtha le scian agus roghnaigh sé daoine go randamach,’ a dúirt siad.
Dúirt siad: ‘Tá a fhios againn go raibh a mhuineál agus a aghaidh gearrtha go dona ag fear amháin agus tá an chuma ar an scéal go bhfágfaidh sé marc buan air, ach tá súil againn go bhfaighidh sé gach cúnamh a theastaíonn uaidh.

‘Tá duine faoi choimeád agus bhí sé trína chéile. Bhí mearbhall air i dtaobh cad a bhí ar siúl.’
Tá meabhairshláinte an ionsaitheora ag am an eachtra ar cheann de na línte fiosrúcháin.
‘D’fhéadfadh sé tarlú go raibh cliseadh de shaghas éigin air agus sin ba chúis leis an ionsaí uafásach seo ansin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.