

Creideann Brendan Rodgers go bhfuil an cumas ag Adam Idah a bheith mar an lántosaí is fearr atá ag Celtic.
D’éirigh leis an Éireannach óg ceithre chúl a aimsiú dá chlub sna trí chluiche is déanaí agus bhí sé go mór le feiceáil nuair a rinne Celtic crústáil 6-0 ar Dundee Dé Céadaoin seo caite.
Bhí Idah in áit na leathphingine go mór, áfach, nuair a bhí Kyogo Furuhashi le Celtic, ach bhog an tSeapánach go Rennes sa Fhrainc nuair a bhí aistrithe ar siúl Mí Eanáir seo caite.

D’aistrigh Idah ó Norwich go Celtic i rith an tsamhraidh ar chonradh £9.5 mhilliún, agus d’éirigh leis a bheatha a shaothrú nuair a lasc sé an liathróid isteach san eangach i gcoinne Dundee.
B’shin an dara cúl a fuair siad théis a scoráil Arne Engels le cic pionóis i ndiaidh cinneadh ó VAR.
Sa dara leath, fuair Daizen Maeda dhá chúl, sula lasc Engels an eangach arís agus chríochnaigh an fear ionaid Nicolas Kuhn an chluiche le cúl dá chuid féin. Tá Celtic anois 13 pointe chun cinn ar Rangers.
Bhí Rodgers rí-shásta agus dúirt sé faoi Idah: ‘Bhíodh air a bheith foighneach de bharr go raibh Kyoga ina lántosaí den chéad scoth.
‘Tháinig sé isteach agus bhí air dul i ngleic le sin ach fós féin, chuir sé go mór leis an bhfoireann. Sílim go bhfuil sé freagrach anois.’
Bhí Rodgers sona sásta leis an méid a bhí déanta ag an gcliathánaí Jota anois go bhfuil sé théis filleadh ar Celtic.
Chaith peileadóir na Portaingéile 18 mí san Araib Shádach agus sa Fhrainc ach d’éirigh leis cúl a scóráil do Celtic i gcoinne Motherwell théis an cluiche a thosnú ar an mbinse.
Chuidigh sé go mór freisin le Maeda a chúl a fháil.
Dúirt Rodgers, ‘Bhí sé feicthe agam cheana ach anois nuair a bhreathnaím ar ag traenáil feicim gur imreoir mór le rá é.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.