Chabhraigh laoch sacair na hÉireann Adam Idah le Celtic éirí as an chontúirt nuair a d’imir sé a chéad chluiche don chlub – agus bhí a chic pionóis déanach ríthábhachtach.
Chuir sé áthas an domhain ar lucht leanúna Celtic ag Easter Road.
Bhí cuma imní ar an mbainisteoir Brendan Rodgers agus bhí an chuma ar an scéal go raibh a fhoireann ar tí dhá phointe ríthábhachtacha eile a chailleadh sa chath chun Sraith na hAlban a bhuachan.
Bhí sé sin tar éis d’imreoir lár páirce Hibernian Dylan Levitt scóráil chun an scór a chur ar chomhchéim – tháinig an cúl sin tar éis ceann níos luaithe ag Idah le cic eirice freisin.
Tháinig Idah, atá 22 bliain d’aois agus as Corcaigh, ina laoch láithreach le lucht tacaíochta Parkhead nuair a scóráil sé a dhara cúl sa 92ú nóiméad tar éis ionsaí ar ionadaí Kyogo Furuhashi díreach taobh istigh den bhosca pionóis.
Tar éis dó suaimhneas (calm) iontach a thaispeáint faoi bhrú (pressure), chiceáil peileadóir idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann an liathróid isteach i líontán (net) iar- chúl báire Celtic David Marshall, don dara huair sa chluiche.
Dúirt Idah le Sky Sports: ‘Tá mé lán sásta! Bhí mé i gcónaí ag iarraidh imirt do Celtic agus bhí sé iontach scóráil os comhair an lucht leanúna.
‘Cluiche deacair a bhí ann ach bhí a fhios againn dá bhfaighimis seans, go bhféadfaimis é a thógáil. Bhí mé i gcónaí muiníneach ag glacadh cic éirice.’
Dúirt captaen Celtic Callum McGregor: ‘Dhá chic éirice dochreidte a bhí iontu agus sin déanta faoin oiread sin brú.’
Bhí an chuma ar Celtic go raibh siad ar tí an cluiche a chríochnú ar comhscór, 1-1, rud nach raibh ag teastáil uathu tar éis chluiche an tSathairn in Obar Dheathain (Aberdeen).
Mar sin féin, d’éirigh le Idah a chéad bhua a fháil don bhainisteoir ar Easter Road thar dhá sheal mar cheannaire Celtic.
Tá na Seaimpíní trí phointe chun cinn ag barr na Príomhríochta (Premiership), cé go bhfuil cluiche idir láimhe ag Rangers.
Dúirt Rodgers: ‘Le 14 chluiche le dul, tá sé an-tábhachtach na buanna sin a fháil.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.