Le pictiúr: Peileadóir Gaillimheach Shane Walsh agus a pháirtí Rachel faoi rothaí na gréine

05/02/2025

Tá Shane Walsh ar ais óna laethanta saoire thar lear le neart le rá aige faoi rialacha nua CLG

Sular thainig siad ar ais ar pháirc na himeartha don bhliain nua, bhí neart imreoirí CLG ag caitheamh ama faoi rothaí na gréine, Shane Walsh ina measc.

Ach is fear gnóthach é Shane. Cé nach mbíonn an múinteoir corpoideachais i mbéal an phobail go minic, scaití tugann sé deis dá lucht leanúna léargas annamhach a fháil ar a shaol pearsanta.

Tá Shane agus a pháirtí Rachel Molloy théis cuairt a thabhairt ar chuid de na háiteanna is áille ar domhain cosúil le Sydney na hAstráile agus Bali, ach i mbliana ní dheacaigh an lánúin comh fada i gcéin.

Shane Walsh 14

Agus iad faoi rothaí na gréine, tá Shane agus Rachel théis éad a chuir orainne lena bpictiúir áille ó Marbella na Spáinne.

Bhí lántosaí na Gaillimhe ina sheasamh in aice le crainn phailme agus cuma réchúiseach air.

Ina phostáileacha ar na meáin shóisialta, scríobh sé ‘Too many carbs in Marbs.’ Ar ndóigh, tháinig athrú ar seo agus Walsh in iomaíocht do Chorn Sam Mhic Uidhir i mbliana.

Shane agus Rachel
Shane agus Rachel

Ní fios cé comh fada is atá Shane agus Rachel ag siúl amach le chéile, ach chuir an lánúin sceitimíní ar dhaoine nuair thosaigh ráflaí go raibh siad geallta i 2023.

Ar pháirc na himeartha áfach, chuidigh Shane go mór le feachtas spleodrach na Gaillimhe agus an tSraith Allianz faoi lán seol anois.

Rinne Gaillimh crústáil ar Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite. Chuir Walsh iontas ar neart daoine, áfach, leis an méid a bhí le rá aige faoi na rialacha nua atá théis teacht isteach sa pheil ar na mallaibh.

Dúirt Walsh gur thug na rialach fuinnimh nua don chluiche agus go raibh gá le hathraithe de bharr go raibh an pheil Gaelach théis éirí leadránach.

Pé scéal é, is léir go n-oireann na rialacha nua Walsh agus 9 bpointe aimsithe aige an deireadh seachtaine seo caite.

Ar ndóigh, beidh dóchas ar mhuintir na Gaillimhe go mbeidh Shane i mbarr a mhaitheasa ar feadh an tséasúir, agus an contae ag tabhairt aghaidh ar Chorn Sam Mhic Uidhir níos déanaí sa bhliain.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram