

Is é an t-athrú ‘Triúr Chun Tosaigh/Triúr ar Chúl’, in éindí leis an gcic amach go dtí an áirse 40-méadar, an cinneadh is suntasaí atá déanta ag Coiste Athbhreithnithe na Peile sa CLG.
Tá an easpa solúbthachta maidir leis an gcaoi a gcuirtear an riail seo i bhfeidhm ag cur isteach go mór ar dhaoine

Rinneadh an t-uafás cinntí conspóideacha i rith an deireadh seachtaine, go háirithe san Uaimh, i nDoire, agus go mór mór sa chluiche idir Maigh Eo agus Gaillimh i gCaisleán an Bharraigh.
Ag deireadh na chéad leithe, chuir Daire Neary as Maigh Eo an liathróid thar an trasnán ach níor ceadaíodh é mar chinn an réiteoir Noel Mooney gur sháraigh sé an riail nua.
Tugadh cic saor do Ghaillimh ar an dtaobh eile den pháirc, rud a thug buntáiste dhá chúilín dóibh.
Dúirt Kevin McStay gur thuig siad go dtabharfaí spreagadh d’imreoirí filleadh ar an dtaobh ceart den pháirc más rud é gur sháraigh siad na rialacha trí thimpiste.
Seo tuiscint nua ar na rialacha, ach tá sé fíor go raibh gealltanas nach gcuirfí an riail seo i bhfeidhm sa chaoi chéanna d’imreoir a sháraigh é trí thimpiste agus imreoir a sháraigh é d’aon ghnó.
Is dóigh, an fáth go bhfuil an riail á chur i bhfeidhm i gcaoi dhubh agus bán ná de bharr go bhfuil an gá ann na rialacha a dhéanamh níos simplí do réiteoirí.
Ach de bharr go ndéanann na maoir taobhlíne breithiúnas maidir leis an riail ba chóir dó a bheith éasca orthu cinneadh a dhéanamh maidir le rud a dhéantar trí thimpiste nó d’aon ghnó.
Bíonn deacracht i gcónaí le riail nua. Ach maidir le riail a bhaineann le halt na himeartha (offside), ba chóir breathnú ar an sacar.
Ní chuirtear an riail seo i bhfeidhm sa sacar ach amháin nuair a bhíonn cúl i gceist, rud a bhfuil an-tionchar aige ar an gcluiche. Is léir nach bhfuil sé sách cothrom mura ndéantar dealú ar sáraithe a dhéantar trí thimpiste agus cinn a dhéantar d’aon ghnó.
Bhí ar Dessie Farrell trí imreoirí a athrú de bharr gortaithe sa chéad 30 nóiméad i mBealach Féich (Ballybofey), oíche Dé Sathairn. Ní raibh ach beirt fhear ionaid le spáráil aige sa dara leath mar sin.
Bhí iontas ar an lucht féachana i gCluain Eois (Clones) oíche Dhomhnaigh, nuair a scóráil Conor McCarthy 0-7 ó imirt oscailte. Ar ndóigh, ní raibh cúilín ar bith ar luach dhá phointe san áireamh anseo.
Áfach, níor éirigh leis an gcluiche a chríochnú i gceart agus shiúil sé go bacach ón bpáirc ag an deireadh agus é gortaithe.
Gortaítear daoine ar pháirc na himeartha ach caithfidh aitheantas a bheith ann sna rialacha go mbíonn luas lasrach i gceist leis an gcluiche sa lá atá inniu ann.
Cé go gcuireann sé seo go mór leis an bpeil, cuireann sé brú níos fisiciúla ar na himreoirí.
I gcomhar le seo, de bharr na hathraithe ar sceidil na gcomórtas, iarrtar ar imreoirí a bheith níos crua ar an bpáirc pheile ní thugtar seans ar bith dóibh a scíth a ligean tar éis. Dúirt bainisteoir Mhuineachán Gabriel Bannigan, nuair a bhí an bua ag a fhoireann i gcoinne an Iarmhí: ‘Caithfidh seachtar nó ochtar fhear ionad a bheith againn b’fhéidir de bharr luas an chluiche… Caithfimid
an deis a thabhairt don bhainistíocht imreoirí a athrú nuair atá sé de dhíth.’
Áfach, tá an argóint ann go bhfuil sé níos feiliúnaí d’fhoirne láidre a ligtear dóibh an painéal a leathnú.
Duine a chreideann gur chóir go mbeadh saoirse iomlán ag an gcúl báire, is féidir leo labhairt faoin gcluiche i bPáirc na Lúthchleasaíochta in Ard Mhaca Dé Sathairn.
Bhí Ethan Rafferty as Ard Mhacha thar cionn agus scóráil sé dhá chúilín ar luach dhá phointe. Freisin, d’éirigh leis gnáth-chúilín a fháil agus thug sé an-chúnamh do Aidan Forker cic den chéad scoth a scóráil.Chuidigh sé go mór leis an bhfoireann 8 bpointe a aimsiú in imirt oscailte, rud a bheadh éachtach do lántosaí fiú.
Nuair a bhaintear úsáid as an gcúl báire le hionsaithe spleodracha a dhéanamh, bíonn sé deacair an moladh a dhéanamh gur chóir riail a chur i bhfeidhm a chuireann iachall ar an gcúl báire fanacht gar don chúl. Ach tá fadhb amháin ann. Is féidir úsáid a bhaint astu i lár na páirce le ham a chur amú.
An bhfuil réiteach ann? D’fhéadfadh riail a bheith ann le bac ar fhoireann an liathróid a chur i dtreo a gcúl féin má thrasnaíonn an cúl báire an líne leathbhealaigh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.