Caitheann an OPW €490k ar bhalla 70 méadar… dhá uair níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis

29/01/2025

Tá an OPW tar éis a admháil go raibh ‘moill mhór agus costais ardaithe’ ag baint le tionscadal balla a atógáil

Tá costas €490,000 ag baint le tionscadal de chuid an OPW, le balla 70 méadar nua a chur timpeall oifige Rialtais.

Measadh go mbeadh costas €200,000 ag baint leis an obair seo ag ceanncheathrú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (Workplace Relations Commission, WRC) i mBaile Átha Cliath, gan VAT san áireamh.

Áfach, thángthas ar chábla beo ESB agus píopa a bhí ag ligean nuair a cuireadh tús leis an réamhobair, rud a chuir moill ar agus a d’ardaigh costas an tionscnaimh.

Tá an OPW tar éis a admháil go raibh ‘moill mhór agus costais ardaithe’ ag baint leis an jab
Tá an OPW tar éis a admháil go raibh ‘moill mhór agus costais ardaithe’ ag baint leis an jab

Méadaíodh an bille faoi dhó, agus €240,000 le seanbhalla a leagadh agus a atógáil, rud a bhí bunaithe ar mheastacháin Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

Chuir an obair sa bhreis a bhain leis an gcábla mór leictreachais €250,000 leis an mbille don OPW.

Tá an OPW tar éis a admháil go raibh ‘moill mhór agus costais ardaithe’ ag baint leis an jab ag Teach Lansdún, Droichead na Dothra (Ballsbridge), BÁC 4.

Íocadh €54,000 don ESB le sreangáin a athlonnú agus €61,500 do Chomhairle Cathrach BÁC le cosáin agus páirceáil phoiblí a dhúnadh.

Freisin caitheadh €82,200 ar obair chúntach dar leis an tuairisc a d’fhoilsigh an OPW tar éis iarratas shaoráil faisnéise.

Cuireadh tús leis an dráma ar fad Mí Mhárta 2021 nuair a rinne an OPW imscrúdú ar an suíomh agus tugadh le fios go raibh an láthair mí-shábháilte agus gur tógadh an foirgneamh gan bunchloch cheart.

Dar le taifead ó chuairt chuig an suíomh, bhí an baol ann go bhféadfadh an balla titim de bharr ‘gaoithe láidre nó brú timpisteach’.

Rinneadh an cinneadh atógáil a dhéanamh air leis na brící a bhí ann. Tugadh conradh chuig an gcomhlacht Sensori an obair seo a dhéanamh agus meastachán €213,366 ar chostas na hoibre, VAT san áireamh.

Mí Dheireadh Fómhair 2022 chuaigh an tionscnamh i sáinn, áfach, nuair a thángthas ar phíopa uisce a bhí ag ligean agus cábla leictreachais.

I ríomhphost, dúradh: ‘Thángamar ar chábla ESB … atá an-ghar don áit a bhfuilimid ag tochailt agus atá leagtha go domhain sa bhunchloch atá ann.

‘Tuigimid óna bheith ag labhairt leis an ESB go bhfuil an cábla beo.’

Níor éirigh leis an ESB an cábla a bhaint go dtí lár na bliana 2023. Go luath i 2024, tháinig an comhlacht ar cháblaí beo eile a bhí gar don láthair oibre.

Rinne siad teagmháil leis an ESB agus dúirt siad go mbeadh iarratas nua de dhíth leis é a bhaint nó a atreorú.

Chinn tógálaithe an OPW go mbeadh sé níos fearr conradh eile a thabhairt chuig speisialtóir leis an obair seo a dhéanamh.

Mí Lúnasa 2024, tugadh le fios go raibh easpa brící tar éis na hoibre ar fad agus go raibh 750 bríc ‘speisialta’ ag teastáil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram