

Lá mothúchánach a bhí ann do Conor Loftus i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh agus Crois Uí Mhaoilíona (Crossmolina Deel Rovers) ó Mhaigh Eo in aghaidh Baile an Doire (Baile an Doire) ó Dhoire.
Rinne Crois Uí Mhaoilíona dul chun cinn sa Chraobhchomórtas Idirmheánach na gClub.
Agus é ag léiriú fíor-thiomantas dá chlub Crois Mhaoilíona, bhí Conor Loftus meáite ar a pháirt a ghlacadh in ainneoin an chaillteanais thragóidigh dá fianceé, Róisín Cryan, coicís ó shin.

Agus an deireadh ag druidim leis an gcluiche, bhí an fhoireann fhreasúrach pointe chun cinn nuair a bhronn an réiteoir Seán Lonergan cic éirice (penalty) ar fhoireann Loftus.
Le sin scóráil Loftus agus bhí a chlub dhá phointe chun cinn.
Nuair a shéid an fheadóg dheireanach tamall gairid ina dhiaidh sin, rith a chomhpháirtithe chun barróg a thabhairt dó.
Tar éis dóibh an bua a fháil, thiomnaigh (dedicate) captaen na foirne, Mike Loftus, an bua do Róisín Cryan ag rá go raibh an bua ‘bittersweet’ mar gheall ar a bás.
D’inis sé don slua go raibh a fhios acu go raibh sí ‘ag breathnú anuas orainn inniu’.

Agus an cupán á bhronnadh ar an bhfoireann, labhair Uachtarán an CLG, Jarlath Burns, faoin am deacair a bhí ag na foirne le mí anuas.
Bhásaigh Róisín ar an 11 Eanáir agus í 29 bliain d’aois, agus fuarthas a corp ó Abhainn na Mai (Moy).
Ag labhairt dó ag a sochraid, a bhí ar siúl i gCora Droma Rúisc (Carrick-on-Shannon), dúirt an tAthair Frank Garvey gur ‘bean uathúil agus neamhghnách’ í Róisín.
Dúirt sé le lucht caoineadh: ‘[Bhí sí] lán de bheatha agus beogacht, cumasach le greann álainn, i gcónaí íogair agus aireach do riachtanais daoine eile agus i gcónaí ag cur daoine eile sa chéad áit.
‘Mhair sí agus rinne sí a saol a cheiliúradh agus bhain sí an-taitneamh as a saol, agus rinne sí an oiread sin difríochta do shaol na ndaoine a raibh sé de phribhléid acu aithne a chur uirthi agus grá a bheith acu di.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.