Musk v Coimisinéir na hÉireann: Ag úsáid X chun magadh a dhéanamh ar Éirinn

Is í Éire an tír is déanaí a d’ionsaigh comhghuaillí Trump, Elon Musk, ag baint úsáide as a ardán meáin shóisialta X

Tá Éire cáinte anois ag comhghuaillíocht Trump, Elon Musk – tar éis dó tuairimí eite dheis a léiriú faoi roinnt tíortha eile san Eoraip.

Tagann a chuid tuairimí ag an am céanna is a bhfuil Trump féin ag bagairt ar thíortha Eorpacha.

Thug Trump rabhadh fiú don Danmhairg nach gcuirfeadh sé as an áireamh fórsa míleata a úsáid chun smacht a ghlacadh ar an nGraonlainn.

Ghloigh Musk ‘amadán’ ar Sheansailéir na Gearmáine Olaf Scholz, tar éis dá chomhrialtas titim as a chéile
Ghloigh Musk ‘amadán’ ar Sheansailéir na Gearmáine Olaf Scholz, tar éis dá chomhrialtas titim as a chéile

Anois tá sé maíte ag Musk, an fear is saibhre ar domhan agus úinéir X, go bhfaigheann ‘inimircigh neamhdhleathacha (illegal immigrants)’ pianbhreitheanna níos giorra (shorter sentences) ná náisiúnaigh Éireannacha in Éirinn.

D’ath-tweet sé post a chuir duine atá i bhfad ar dheis, a mhaígh ‘gur tugadh pianbhreitheanna níos lú d’inimircigh mhídhleathacha Mhoslamach as mná a éigniú in Éirinn’.

Tá rabhadh tugtha ag na Gardaí cheana féin d’úsáideoirí ar líne a bheith cúramach faoi mhífhaisnéis (misinformation) agus nuacht bhréige (fake news).

Tagann tuairimí Musk freisin ag an am céanna a dúirt Coimisinéir an AE de chuid na hÉireann, Michael McGrath, go bhfuil cumhachtaí láidre ag an gCoimisiún Eorpach chun stop a chur le cuideachtaí cumhachtacha meán cumarsáide ag cur isteach i dtoghcháin.

Bhí sé ag tagairt do phlean Musk chun agallamh a chur ar cheannaire páirtí i bhfad ar dheis na Gearmáine, AfD, agus é a shruthú beo (live stream)ar X.

In agallamh le Nuacht RTÉ, dúirt McGrath go raibh an baol ann go bhféadfadh Musk algartaim a úsáid chun feiceálacht an agallaimh a mhéadú go saorga (artificially) ar bhealach a rachadh chun leasa an AfD i dtoghcháin na Gearmáine atá le teacht.

Dúirt McGrath: ‘Ní bhíonn fadhb ar bith ann riamh le reáchtáil aon agallaimh.

‘Is ceart bunúsach san Aontas Eorpach í an tsaoirse cainte, agus is ormsa atá sé a chinntiú go gcoimeádtar agus go gcosnaítear an ceart sin i gcónaí.

‘Ach is léir go bhfuil cumhacht ollmhór ag ardáin an-mhóra ar líne, agus tá an cumas acu ábhar áirithe a mhéadú thar agus lasmuigh de thuairimí eile.’

Dúirt sé: ‘Ní mór dúinn a chinntiú go seolfar ár dtoghcháin ar bhealach saor agus cothrom gan cur isteach míchuí.’

Rinneadh na héilimh bhréagacha is mó a bhí ag Musk i gcoinne príomh-aire na Breataine Keir Starmer agus duine dá airí Jess Phillips.

Rinne sé é seo mar thagairt do chás atá deich mbliana d’aois, a bhaineann le buíon (gang) fear a rinne ‘grooming’ do chailíní óga.

Coimisinéir an AE  Michael McGrath
Coimisinéir an AE Michael McGrath

Toisc gur as an bPacastánach na fir sa chás sin, bhain lucht agóide den eite dheis sa Bhreatain úsáid as an cas chun tuairimí ciníocha a léiriú faoi dhaoine nach raibh baint ar bith acu leis an gcás.

Chomh maith leis sin ghloigh Musk ‘amadán’ ar Sheansailéir na Gearmáine Olaf Scholz, tar éis dá chomhrialtas titim as a chéile, rud a spreag an toghchán.

Tá rialtas na hÉireann cáinte aige roimhe seo agus fiú mhol sé gur cheart do Conor McGregor seasamh i dtoghchán.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram