Arm Trump: Rabhadh ón bhFrainc tar éis dó bagairt ‘míleata’ a dhéanamh don Ghraonlainn (Greenland)

09/01/2025

Imní san Eoraip tar éis do Trump a rá go mbainfidh sé úsáid as fórsa míleata chun a bhfuil uaidh a fháil lena n-áirítear an Ghraonlainn (Greenland) agus Canáil Phanama

Tar éis do Donald Trump a chur in iúl go bhféadfadh sé ceannas a ghlacadh ar an nGraonlainn (Greenland), thug an Fhrainc rabhadh dó gan ‘teorainneacha ceannasacha (sovereign borders)’ an Aontais Eorpaigh a bhagairt.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince Jean-Noël Barrot le Trump, a bheidh ina uachtarán ar Mheiriceá go luath, a lámha a choinneáil den tír.

Donald Trump
Donald Trump

Tagann an teannas nua idir Trump agus tíortha Eorpacha i ndiaidh bagairtí a rinne sé ina choinne, Meicsiceo, Ceanada agus an Spáinn.

Tá imní ar thíortha Eorpacha tar éis do Trump diúltú beart míleata a chur as an áireamh chun smacht a ghlacadh ar an nGraonlainn, críoch uathrialach de chuid bhall den Aontas Eorpach sa Danmhairg (Denmark).

Dúirt Barrot le raidió France Inte: ‘Níl aon cheist ann go ligfeadh an tAontas Eorpach do náisiúin eile ar domhan, cibé iad, a theorainneacha ceannasacha a ionsaí’.

Dúirt sé freisin cé nár chreid sé go ndéanfadh na Stáit Aontaithe ‘ionradh (invade)’ ar an nGraonlainn ‘tá ré againn ina bhfuil dlí na ndaoine is láidre ag teacht ar ais’.

Ag preasagallamh Dé Máirt, dhiúltaigh Trump gan úsáid a bhaint as fórsa míleata chun Canáil Phanama a thógáil freisin agus mhol sé go raibh sé i gceist aige ‘fórsa eacnamaíoch’ a úsáid chun Ceanada a dhéanamh mar chuid de na Stáit Aontaithe.

D’eitil a mhac is sine Donald Jr go príomhchathair na Graonlainne, Nuuk, ar chuairt phríobháideach a thug sé air go gairid i ndiaidh na dtuairimí sin.

D’fhan sé cúpla uair an chloig agus dúirt sé nach raibh sé ar intinn aige bualadh le hoifigigh rialtais.

An mhí seo caite, dúirt Trump, a rachaidh i mbun oifige an 20 Eanáir, go raibh rialú na SA ar an nGraonlainn ina ‘riachtanas iomlán’ do ‘shlándáil eacnamaíoch’ Mheiriceá.

Tá an Ghraonlainn ina chríoch fhéinrialaitheach (autonomous) de chuid Ríocht na Danmhairge.

Bronnadh rialtas dúchais uirthi i 1979 agus dúirt siad le Trump nach bhfuil sé ar díol.

Tá sé ráite ag Mette Frederiksen, príomh-aire na Danmhairge, agus Múte Egede, príomh-aire na Graonlainne, gur faoi na daoine atá ann cinneadh a dhéanamh ar a dtodhchaí.

‘Tá go leor tacaíochta i measc na ndaoine nach bhfuil an Ghraonlainn ar díol agus nach mbeidh sa todhchaí ach an oiread. Is leis na daoine ann í,’ a dúirt Frederiksen.

D’eitil a mhac is sine Donald Jr go príomhchathair na Graonlainne, Nuuk
D’eitil a mhac is sine Donald Jr go príomhchathair na Graonlainne, Nuuk

Tá daonra de thart ar 57,000 duine ann agus is é an t-oileán is mó ar domhan.

Dúirt Egede an tseachtain seo caite ‘nach bhfuil sé ar díol agus ní bheidh sé ar díol go deo’.

Spreag Barrot an AE freisin chun cur i gcoinne bagairtí ó Elon Musk i gcoinne roinnt ceannairí Eorpacha, go háirithe Seansailéir dhaonlathach sóisialta na Gearmáine, Olaf Scholz.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram