Cheistigh Gardaí fear faoi leanbh ‘decoy’ in imscrúdú dúnmharaithe Kyran Durnin

Tá oiread agus ceathrar príomhamhrastach ag Gardaí i gcás Kyran Durnin, a bheadh ​​ocht mbliana d’aois dá mbeadh sé beo

Bhí Gardaí, atá ag fiosrú cás Kyran Durnin, ag ceistiú fear faoi éilimh gur tugadh ‘leanbh decoy’ os comhair oifigigh leasa leanaí.

Gabhadh an fear Dé hAoine san fhiosrúchán dúnmharaithe faoin mbuachaill, a bheadh ​​ocht mbliana d’aois.

Ard-Cheannfort an Gharda Alan McGovern ag déanamh ráitis do na meáin faoi Kyran ag Stáisiún na nGardaí i nDún Dealgan. Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Ard-Cheannfort an Gharda Alan McGovern ag déanamh ráitis do na meáin faoi Kyran ag Stáisiún na nGardaí i nDún Dealgan. Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé ag druidim leis an tríú Nollaig ó d’imigh Kyran agus tá suas le ceathrar phríomhamhrastach ag gardaí sa chás.

Gabhadh beirt, fear agus bean, lena gceistiú le cúpla lá anuas, agus cuireadh tús le cuardach ar dhá theach i nDroichead Átha (Drocheda), Co. Lú.

Tá amhras ar na Gardaí go bhféadfadh go bhfuair Kyran bás i 2022, nuair a bhí sé sé bliana d’aois, agus gur cuireadh ceilt ilchasta (elaborate cover-up) ar siúl chun a imeacht agus a bhás a cheilt ó na húdaráis.

Ar an Máirt, gabhadh an príomhamhrastach tar éis di filleadh ar Éirinn ón mBreatain. Scaoileadh saor í níos déanaí.

Ansin ghabh Gardaí an fear Dé hAoine, faoi amhras go raibh baint aige le dúnmharú Kyran.

Bhí sé á cheistiú faoi líomhaintí go raibh baint aige le cabhrú le héalú an linbh a cheilt.

Creidtear gurbh fhéidir gur tugadh ‘leanbh decoy’ isteach le linn cruinnithe le Tusla, chun bás Kyran a cheilt.

Dúirt foinsí slándála go gcreideann siad go raibh dúnmharú Kyran faoi cheilt ag ‘grúpa daoine a raibh aithne acu air’, ach nach bhfuil aon torthaí cinnte acu ag baint leis an fhiosrúcháin go dtí seo.

Tuairiscíodh go hoifigiúil go raibh Kyran ar iarraidh ó theach a sheanmháthar i nDroichead Átha ag deireadh mhí Lúnasa
Tuairiscíodh go hoifigiúil go raibh Kyran ar iarraidh ó theach a sheanmháthar i nDroichead Átha ag deireadh mhí Lúnasa

Dúirt foinse: ‘Is é an rud atá ar eolas againn ná gur cuireadh ceist an-simplí ar an mbeirt seo – “Cá bhfuil an leanbh?” – agus níl freagra ar bith ag gardaí.’

Dúirt Gardaí go raibh siad ag cuardach an tí agus na gairdíní in dhá ionad i nDroichead Átha. Scrúduithe teicniúla agus fóiréinseacha a bhí iontu seo.

Tuairiscíodh go hoifigiúil go raibh Kyran ar iarraidh ó theach a sheanmháthar i nDroichead Átha ag deireadh mhí Lúnasa.

Tháinig sé chun solais ó shin, áfach, go gcreideann gardaí go bhfuil sé ar iarraidh ó thart ar Bealtaine 2022.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram