Blitzchomórtas CLG le 16 club ó Chúige Laighean

Tá blitzchomórtas CLG á  eagrú atá baint aige le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

D’fhógair Glór na nGael go bhfuil 16 chlub cláraithe don bhlitzchomórtas i bpeil CLG a bheidh ar siúl i gCo. na Mí ar Lá ‘le Bríde. 

Imreoidh na himreoirí, a bheidh os cionn 17 mbliana d’aois, ar pháirceanna uile-aimseartha i gCLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin.

Peil Ghaelach mheasctha, le fir agus mná ag imirt le chéile, a bheidh á imirt ag na foirne seachtar an taobh.

Ag labhairt dó faoin imeacht dúirt Seán de Paor, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael go raibh sé ag súil go mór leis an ócáid. 

‘Eagraíodh blitzchomórtais mar seo i 2020, 2021 agus 2022, agus d’éirigh go hiontach leo.

‘Tá éileamh ar a leithéid d’imeacht i measc imreoirí de chuid an Chumainn Lúthchleas Gaeil (CLG) atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha’, a dúirt sé.

‘Táimid buíoch de na clubanna atá ag cur foirne chuig an imeacht agus tá buíochas ar leith ag dul do CLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin as a gcuid áiseanna iontacha a chur ar fáil dúinn.’

Blitzchomórtas CLG
Blitzchomórtas CLG

Beidh Cill Mochuda na Crócaigh, seaimpíní reatha an chomórtais, ag súil le Corn Feargal Ó Cuillinn a bhreith leo arís, ach seans maith go gcuirfidh cuid de na clubanna eile, ar nós Nás na Ríogh, Baile Buadáin Naomh Éanna agus Na Fianna, dúshlán rompu.

Bronnfar na duaiseanna i ndiaidh na gcluichí ag ócáid shóisialta sa chlubtheach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram