

Tá fear gafa, a bhfuil amhras air faoi mharú príomhfheidhmeannach UnitedHealth Brian Thompson i Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite.
Dhearbhaigh oifigigh sa chathair gur aithníodh an duine a bhí faoi amhras mar Luigi Mangione agus go bhfuil sé faoi choinneáil in Altoona, Pennsylvania.
Ag labhairt dóibh ag comhdháil nuachta Dé Luain, dúirt oifigigh gur chonaic duine an tUasal Mangione ag McDonald’s sa cheantar agus creid siad go raibh sé cosúil leis na pictiúir den ghunnadóir a roinntear ar na meáin.

Dúirt Coimisinéir Póilíneachta Chathair Nua-Eabhrac Jessica Tisch go bhfuarthas an fear, atá 26 bliain d’aois, le harm tine agus tostóir (silencer) cosúil leis an arm a úsáideadh chun an tUasal Thompson a lámhach.
Ina theannta sin, fuarthas éadaí agus masc air cosúil leis na cinn a chaith an marfóir.
Tráth a ghabhála, bhí roinnt doiciméad aitheantais calaoiseach (fraudulent identification documents) ag an Uasal Mangione, lena n-áirítear chomhartha aitheantais bréige(fake ID) ó New Jersey a mheaitseáil leis an gceann a d’úsáid fear chun seiceáil isteach i mbrú Manhattan laethanta sular tharla an lámhach.
Dúirt Ms Tisch leis na meáin gur thángthas freisin ar dhoiciméad lámhscríofa a d’fhéadfadh a mhíniú ‘a spreagadh agus a meon féin’.
‘Tá an t-amhrastach gafa ar chúisimh arm tine ag póilíní Altoona, agus tá bleachtairí Nua-Eabhrac á cheistiú i Pennsylvania,’ a dúirt sí.
Maraíodh an tUasal Thompson, a bhí 50 bliain d’aois, taobh amuigh d’óstán Dé Céadaoin seo caite, 4 Nollaig, ag fear le masc air.
Tá na póilíní ag iarraidh cúis le marú an Uasail Thompson a fháil amach.
Tá an chuma ar an scéal go raibh an fear ag fanacht at Thompson a bhí ag teacht chuig an óstán. Tháinig sé aduaidh air agus d’ionsaí sé é óna chúl.
Thuairiscigh go leor suímh gréasán nuachta Meiriceánacha go bhfuarthas na focail ‘deny’, ‘defend agus ‘depose’ scríofa ar na hurchair a scaoiltear.
Agus an t-amhrastach ag rith ón láthair agus ag rothaíocht ar rothar go Central Park, bhí sé ar CCTV TCI, teilifís ciorcaid iata) ag fágáil na páirce sular thóg sé bus chun teitheadh ón gcathair ó thuaisceart Manhattan.
Bhí an tUasal Thompson, daid de bheirt, ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar aonad árachais UnitedHealth Group ó Aibreán 2022, tar éis dó bheith ag obair don chuideachta le breis agus 20 bliain.
Bhí sé i Nua-Eabhrac chun freastal ar chomhdháil bhliantúil infheisteoirí na cuideachta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.