Dul chun cinn i gCill Dara leis an nGaeilge – ‘blueprint’ dúinn go léir

21/11/2024

Tá an dara Plean don Ghaeilge seolta i gCill Dara agus athbheochan mhór na Gaeilge sa chontae ag leanúint ar aghaidh

Thaispeáin pobal Gaeilge i gCill Dara don tír ar fad go beacht cad is brí leis an bhfrása: Ní neart go cur le chéile.

Tá siad díreach tar éis a bplean nua don Ghaeilge do Chill Dara a sheoladh; is é seo ceann de go leor pleananna a seoladh don teanga thar na blianta, thar an tír.

Mar sin féin, tá rudaí ar leith á ndéanamh acu i gCill Dara.

Aisling Nic Aodha, Gaelscoil Nás na Ríogh i gCill Dara
Aisling Nic Aodha, Gaelscoil Nás na Ríogh i gCill Dara

Níl an plean ina thús ar rud éigin, tá sé mar thoradh ar iarrachtaí na mblianta ag grúpaí ar fud an chontae a gcuid tionscadal féin a chruthú.

Bhí ranganna do dhaoine fásta i gceist acu, chomh maith le tionscadail do pháistí, féilte, clubanna leabhar,  ag baint an chraic as, ciorcail chomhráite, paráidí, ceolchoirmeacha, grúpaí siúlóide – ar luaigh mé go raibh siad ag baint an chraic as?

Tugadh léargas beag bídeach dúinne – ag seoladh an dara Plean don Ghaeilge i gContae Chill Dara 2024-2030, Dé Máirt  – ar na hiarrachtaí sin ar fad.

Ag an am céanna fuaireamar léargas an taithí iomlán ar a bhfuil le teacht do phobal na Gaeilge i gCill Dara.

Tá a gcuid iarrachtaí ar fad á dtarraingt le chéile anois i bplean don chontae a bhainfidh úsáid as na foinsí atá ar fáil ó ghrúpaí Stáit agus ó na grúpaí áitiúla sin agus óna gcuid ball deonach.

Is é an plean don Ghaeilge an chéad chéim eile, ach ní bheimis anseo murach obair na ngrúpaí sin timpeall an chontae agus a mbaill.

Léiríonn sé an neart atá ann tar éis an cuir le chéile.

Is cloch mhíle é seoladh an phlean seo do dhaoine i gCill Dara agus don tír i gcoitinne, ós rud é nach bhfuil plean teanga contae scríofa ag contae ar bith eile go dtí seo.

Ag labhairt ag an seoladh in Áras Chill Dara ar an Máirt, dúirt an Comhairleoir Joe Neville, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Chill Dara, gur spreagadh é an plean seo dó féin go pearsanta tuilleadh Gaeilge a úsáid.

CATHAO 3
Joe Neville le baill Chill Dara le Gaeilge: Máire McCafferty, Ger Ní Fhlatharta, Dónall Ó Riagáin, Treasa Uí Riagáin, Caoimhe Ní Shúilleabháin, Eithne Ní Fhlathartaigh, Séamus Ó Ceannainn, Cathaoirleach Daithí de Faoite, Mairéad Ní Neachtáin, Dara Ó Maitiú, Seán de Paor, Siobhain Grogan agus Sarah Walsh ag seoladh Cill Dara le Gaeilge Plean don Ghaeilge i gContae Chill Dara 2024-2030

Chomh maith leis sin mhol Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, go hard an obair cheannródaíoch atá ar siúl ag Cill Dara le Gaeilge.

Ag an am, dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach, Cill Dara le Gaeilge:‘Is cinnte go bhfuil dul chun cinn eisceachtúil le feiceáil i gContae Chill Dara maidir le hathfhás na Gaeilge.

‘Is ábhar bróid dúinn ar fad an méid atá baint amach ina thaobh sin – 11 scoil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa chontae, beagnach 800 dalta sa chóras gaelscolaíochta i Nás na Ríogh amháin agus os cionn 3,100 dalta sna Gaelscoileanna/Gaelcholáistí fud fad an chontae.’

Dúirt sé freisin: ‘Aithníodh an cheannródaíocht seo nuair a seoladh an chéad phlean teanga contae in Éirinn i gContae Chill Dara siar i 2019, agus arís le déanaí nuair a bhain Cill Dara le Gaeilge an chéad áit amach i gCatagóir na Gaeilge sa chomórtas dea-chúiseanna de chuid an Chrannchuir Náisiúnta.’

Agus dúirt Siobhán Grogan, leaschathaoirleach Chill Dara le Gaeilge agus cathaoirleach ar an gcoiste pleanála teanga: ‘B’ócáid stairiúil í seo arís i gcontae Chill Dara, fós an t-aon chontae in Éirinn a bhfuil plean teanga contae acu, agus is é seo an dara plean atá againn.

cilldar ceol feat

‘Táimid thar a bheith bródúil as an dul chun cinn a rinneadh i rith thréimhse an phlean deiridh agus go háirithe go bhfuil níos mó grúpaí pobail, ceann amháin i ngach ceantar bardasach anois, ag freastal ar riachtanais an phobail.’

Agus nach bhfuil an ceart aici a bheith bródúil as a gcuid éachtaí.

Do Chill Dara, is é an plean seo an chéad chéim eile ina n-aistear.

Do dhaoine atá é seo léamh acu i gcontaetha eile, tá an plean ar fáil ar líne. Is féidir leat é a léamh ANSEO.

Féadfaidh sé a bheith ina threoirphlean (blueprint) do do thodhchaí freisin, is cuma cén contae ina gcónaíonn tú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram