

Chuir na Stáit Aontaithe stop ar iarracht Chomhairle Slándála na Stát Aontaithe chun sos cogaidh a ghlaoigh in Gaza.
D’éiligh an rún sos cogaidh ‘láithreach, neamhchoinníollach agus buan’.
D’iarr sé freisin ‘scaoileadh láithreach na ngiall go léir’.
Vótáil an Chomhairle Slándála 14-1 i bhfabhar an rúin a bhí urraithe ag na 10 gcomhalta thofa ar an gcomhairle 15 bhall.
Níor glacadh leis, áfach, mar gheall ar Mheiriceá.

Líomhain ambasadóir Iosrael chuig na Náisiúin Aontaithe, Danny Danon, ‘nach bealach chun na síochána a bhí sa rún’ ach ‘gur bealach é chun tuilleadh sceimhle, níos mó fulaingthe agus breis doirteadh fola’.
Dúirt sé freisin: ‘Rinne go leor agaibh iarracht an éagóir seo a thabhairt shláin.
‘Gabhaimid buíochas leis na Stáit Aontaithe as a chros (veto) a fheidhmiú.’
‘Arís eile, d’úsáid na Stáit Aontaithe a chros chun saoirse ó phionós a chinntiú d’Iosrael de réir mar a leanann a fhórsaí orthu ag déanamh coireanna in aghaidh na Palaistíne in Gaza,’ a dúirt Human Rights Watch.
Go dtí seo in Gaza maraíodh 43,985 duine tar éis ionsaithe leanúnacha diúracán ag Iosrael, agus is sibhialtaigh a bhformhór na daoine sin.
Ní fios, áfach, cé mhéad duine eile a maraíodh nár áiríodh fós; agus cé mhéad a fuair bás de bharr tinnis agus ocras.
Tá beagnach gach ceann de 2.4 milliún duine a bhí in Gaza easáitithe ag an gcogadh, rud a chruthaigh tubaiste dhaonnúil.

Cháin Hamas na Stáit Aontaithe mar ‘chomhpháirtí san ionsaí in aghaidh ár muintire’.
Dúirt siad: ‘Is coirpeach é, maraíonn sé leanaí agus mná agus scriosann sé an saol sibhialtach in Gaza.’
Ó cuireadh tús leis na hionsaithe ar na Palaistínigh in Gaza tá na Stáit Aontaithe tar éis a gcumhacht a úsáid arís agus arís eile.
Bhí dóchas curtha in iúl ag roinnt daoine go bhféadfadh Joe Biden a bheith níos solúbtha tar éis bua toghcháin Donald Trump sna seachtainí beaga atá fágtha aige i gcumhacht.
I mí na Nollag 2016, nuair a tháinig deireadh le dara téarma an Uachtaráin ag an am Barack Obama, rith an chomhairle rún ag iarraidh stop a chur le tógáil lonnaíochta Iosrael sna críocha áitithe, an chéad cheann ó 1979.
Staon na Stáit Aontaithe ó úsáid a chros an uair sin
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.