

Tá sé tugtha le fios ag na páirtithe sa Rialtas nach dtabharfaidh siad isteach Bille na Críocha faoi Fhorghabháil (Occupied Territories Bill) roimh an toghchán.
Cé go bhfuil roinnt Billí – go leor acu a bhaineann le híocaíochtaí sa Bhuiséad – deir ceannairí na bpáirtithe nach bhfuil go leor ama ann chun an reachtaíocht seo a thabhairt isteach.
Mar sin féin, tá tuairiscí ann faoi mheamram (memo) a thug an Tánaiste Micheál Martin os comhair na Comh-Aireachta (Cabinet), a deir go bhfuil comhlachtaí Meiriceánacha míshásta leis an mBille.

Dúirt Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre go n-éascódh siad suíonna Dála na seachtaine seo lena chinntiú go rithfear an reachtaíocht.
De réir tuairiscí san Irish Mail on Sunday, áfach, tá baill na Comh-Aireachta agus Teachtaí Dála an Rialtais ag teacht faoi bhrú ó lasmuigh den tír stop a chur leis an reachtaíocht.
Tá tagairt déanta ag na hAirí do mheamram a thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin os comhair na Comh-Aireachta an tseachtain seo caite.
Áiríodh sa mheamram tráchtaireacht ó oifigigh a thug an Roinn Fiontar (Enterprise Department) agus an IDA agus dúirt sé go raibh ‘míshástacht shuntasach’ ag gnólachtaí Meiriceánacha faoin mBille.
De réir na tuairisce labhair Aire faoi chuideachtaí (companies) i gcoinne ‘idé-eolaíocht ionsaitheach Rialtas na hÉireann (aggressive ideological bent of the Irish Government) i dtreo Iosrael.
‘Níl aon rialtas eile in Iarthar na hEorpa ag dul chomh fada seo, ag reáchtáil cáineadh ar Iosrael,’ de réir na hAire.
‘Tá ceisteanna breise curtha in iúl go bhfuil dlíthe ag roinnt stát SAM a chuireann i gcoinne smachtbhannaí áirithe ar thrádáil.
‘Is ceist í seo freisin do chuideachtaí SAM a infheistíonn in Éirinn. Ba bhrú neamhghnách é ar am luachmhar an Rialtais.’
Dúirt foinse eile de chuid na Comh-Aireachta leis an Irish Mail on Sunday: ‘Ní féidir linn a thuiscint cén fáth ar tugadh tús áite do seo a phlé, nuair a ligeadh i léig dlíthe tábhachtacha mar an Bille Clúmhilleadh (Defamation Bill).

‘Agus ansin léigh muid faoin bhfreasúra ó SAM.’
Is í an Seanadóir Francis Black a thug isteach an Bille ar dtús. Leis an mBille beadh Éire ar an gcéad tír san AE a chuirfeadh cosc ar trádáil le táirgí ó na críocha atá gafa.
Ní bheadh an cosc, áfach, ach ar tháirgí ó lonnaíochtaí (settlements) atá dearbhaithe go neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.
Vótáladh é sa Dáil cheana féin, i 2018, ach tá plé ag rialtais air ó shin.
Le bliain anuas, áfach, maraíodh breis is 40,000 duine, mná agus leanaí den chuid is mó, in Gaza ag diúracáin Iosrael, maraíodh na céadta eile sa Liobáin (Lebanon) agus tá go leor eile ar iarraidh agus ag fáil bháis de bharr an ocrais agus tinneas in Gaza mar go bhfuil Iosrael ag stopadh cúnamh ó dhul isteach.
Tharla sé seo ar fad tar éis do bhaill Hamas 1,200 duine a mharú ar 7 Deireadh bhFómhair anuraidh agus gialla a ghlacadh.
Ó shin i leith tá Éire i measc na gcáinteoirí idirnáisiúnta is láidre ar ionsaithe Iosrael ar Gaza agus ar an Liobáin.

Tá Rialtas na hÉireann ag teacht faoi bhrú freisin ó ghrúpaí ar son Iosrael i Meiriceá.
Tá rabhadh tugtha faoin reachtaíocht ag an ngrúpa Lawful Project, atá ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe, go bhfuil ‘baol ann go ndéanfaidh sé dochar ollmhór do gheilleagar na hÉireann’.
Chuir príomhoifigeach oibriúcháin agus stiúrthóir taighde na heagraíochta, Ben Ryberg, síos ar na críocha atá gafa go mídhleathach mar ‘thír dhúchais (homeland) na ndaoine Giúdach’ agus dúirt sé gur chuir an Bille scanraithe air.
Ó 2018 i leith tá rialtais ag éileamh go bhfuil an riosca ann go sáródh an reachtaíocht dlí an AE.
Mar sin féin, le seachtainí beaga anuas, dúirt an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice, ICJ) go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríocha na Palaistíne mhídhleathaigh faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil dualgas ar stáit gan é a éascú (facilitate).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.