Pat Spillane: Bhuaigh mé argóint an CLG i gcoinne ‘puke’ peil agus na ‘snake-oil salesmen’

29/10/2024

Fáiltíonn Pat Spillane roimh na rialacha nua do pheil CLG – ach deir sé gur cheart dóibh éisteacht leis 20 bliain ó shin

Tá sé maíte ag Pat Spillane gur chruthaigh na hathruithe rialacha atá á mholadh sa pheil CLG go raibh an ceart aige ina cháineadh ar an spórt le fada an lá.

Dúirt sé gur fhulaing sé tuairimí dímheasúla (disparaging) thar na blianta.

D’oibrigh laoch peile Chiarraí ar an Sunday Game ar feadh 30 bliain sular fhág sé a ról le RTÉ i 2022.

Is minic a bhí cáineadh á dhéanamh aige ar an teilifís ar chaighdeán na peile a bhí ar taispeáint.

Pat Spillane
Pat Spillane

Bhí tráchtaireacht Spillane ar ‘puke football’ i 2003 mar chuid cháiliúil de chomhrá CLG tar éis bua leathcheannais na hÉireann ag Tír Eoghain ar Chiarraí.

Bhí an bua sin den chuid is mó mar gheall ar phlean cluiche thar a bheith cosantach a cheap Mickey Harte, bainisteoir Thír Eoghain ag an am.

 Bhí plean Thír Eoghain leadránach don lucht féachana ach d’éirigh thar cionn leis don chontae as  Cúige Uladh agus iad ag dul ar aghaidh chun an oiread sin Chraobh na hÉireann a bhuachan i rith na 2000í.

In ainneoin gur chuir Spillane i gcoinne na bpleananna cosanta, tháinig an-tóir air i measc roinnt bainisteoirí agus mar gheall ar sin bhí gá le Coiste Athbhreithnithe na Peile (Football Review Committee, FRC) a bhunú.

Sin é an grúpa faoi stiúir iar-bhainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin.

Is é an aidhm atá leis ná rialacha peile CLG a mhionathrú chun ‘cur le heispéireas féachana níos spreagúla’ leis na cluichí.

Tástáladh athruithe molta rialacha an FRC sa tsraith idirchúige i bPáirc an Chrócaigh le déanaí.

Do Spillane b’athrú dearfach é sin don spórt ach freisin dearbhú pearsanta.

Dúirt sé go raibh ‘feachtas aonair (one-man campaign)’ aige in aghaidh na caoi a raibh an cluiche á imirt le blianta beaga anuas.

‘Le 20 bliain anuas, tá feachtas ar bun agam in aghaidh mheath chluiche na peile Gaelaí,’ a scríobh Spillane sa Sunday World.

‘Amanna mhothaigh sé mar fheachtas aonair a bhí ann, agus bhí orm cur suas le go leor cáineadh agus masla.

‘Áiríodh leis seo an argóint aoisíoch (ageist) nach raibh tuiscint agam ar an gcluiche nua-aimseartha.

‘Agus freisin bhí an t-éileamh ann go raibh mé i gcónaí ag maireachtáil san am a chuaigh thart agus ag caint faoi na cluichí móra ó na seanlaethanta maithe.

‘Ní raibh mé. Tá cluichí anois, go ginearálta, níos fearr ná na cinn a bhí ann roimhe seo,’ a dúirt Spillane.

‘Ach dá mhéad a fhéachaim ar chluichí an lae inniu, ní bhíonn na spéaclaí uafásacha ó na 1960idí agus 1970idí níos measa, i gcomparáid leo.

Jim Gavin
Jim Gavin

‘Agus ansin, ar ndóigh, bhí na tuairimí diúltacha agat ó na “snake-oil salesmen”, agus ó na cóitseálaithe peile nua-aimseartha, ag áitiú go raibh na cluichí ag athrú go nádúrtha.

‘Sin seafóideach. Ba cheart go mbeadh an éabhlóid chun feabhais agus is léir nach mar sin a bhí.

‘Ach bhí mé i gcónaí duine éigin a dúirt a rud a bhí mé ag smaoineamh air.

‘Agus ní fhéadfá neamhaird a dhéanamh den eilifint sa seomra – an leagan uafásach nua-aimseartha den pheil Ghaelach a bhí á fheiceáil againn go léir.

‘Mar sin mhothaigh na cluichí idirchúige chun na hathruithe ar na rialacha a bhí molta a thaispeáint mar chruthúnas go raibh mé ceart.

Bhí an CLG ag éisteacht agus chinn siad faoi dheireadh go gcaithfeadh rudaí a athrú,’ a dúirt Spillane.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram