Deir buaiteoir €1 milliún an Lotto: Rith mé isteach i seomra m’iníne chun na huimhreacha a sheiceáil

03/10/2024

Insíonn Daid faoin áthas a bhí air tar éis do theaghlach de cheathrar as Baile Átha Cliath an Lotto a bhuachan

Tá níos mó ádh sa Lotto ag teaghlaigh áirithe ná mar atá ag daoine eile.

Agus is mar sin a bhí sé do theaghlach amháin de cheathrar as Baile Átha Cliath.

Bhailigh siad a seic do €1 milliún tar éis bua sa phota óir (jackpot) sa Lotto oíche Shathairn.

Dúirt ball den sindeacáit (syndicate), a cheannaigh an ticéad a bhuaigh an Lotto ag Spar san ionad siopadóireachta The Square i dTamhlacht (Tallaght), nach bhféadfadh sé a shúile a chreidiúint nuair a sheiceáil sé é.

lotto feat
Tony Flanagan, úinéir siopa; Sarah Ruane, Crannchur Náisiúnta; Muhammad Farhan Bhatti, Bainisteoir agus Inga Pipare ó shiopa Spar sa Square, Tamhlacht

‘Rith mé isteach i seomra m’iníne, agus í ag scanrú ina dhúiseacht, agus dúirt mé: “Féach anseo go gasta, cuimil do shúile agus seiceáil é sin!'” a dúirt buaiteoir an Lotto.

Sheiceáil an iníon na huimhreacha, agus shuigh an bheirt acu trasna óna chéile i turraing agus ciúnas.

Tháinig ball eile den tsindeacáit Lotto isteach go gairid ina dhiaidh sin, tuirseach ó dheireadh seachtaine de shóisialú.

‘D’imigh tinneas cinn ar bith a bhí orm ón deireadh seachtaine go luath nuair a fuair mé an scéala go raibh €1 milliún buaite againn sa Lotto!’ dúirt  sé agus é ag gaire.

Dúirt sé nár stop sé ag crith ó bhuaigh sé agus chuir sé an ticéad i bhfolach idir na T-léinte ina vardrús lena choinneáil slán sula ndeachaigh siad i dteagmháil leis an gCrannchur Náisiúnta (National Lottery) maidin Dé Luain.

Tá sé beartaithe ag an teaghlach an pota óir a roinnt go cothrom, agus €250,000 á fháil ag gach ball.

Nuair a fiafraíodh díobh an raibh aon phlean acu dul fiáin lena gcaiteachas, rinne ceannasaí an tsindeacáit magadh: ‘Ní hea, beidh mé fós ag siopadóireacht in Penneys.’

An Lotto
An Lotto

Fuair siondacáit ó Chorcaigh duais shuntasach freisin, agus thug siad €262,554 abhaile tar éis dóibh an bua a fháil sna EuroMillions Dé Máirt, 3 Meán Fómhair.

Tá an grúpa, ar a bhfuil ceathrar cara ann, ag imirt le chéile le dhá bhliain go leith agus gheobhaidh siad níos mó ná €65,000 an duine.

Ag slánú lá na mbuaiteoirí bhí imreoir ó Chill Dara, a fuair seic ar €82,584 tar éis cúig uimhir a mheaitseáil agus an bónas i gcrannchur Lotto 28 Meán Fómhair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram