Tar éis don Taoiseach agus don Tánaiste an t-ionsaí is déanaí ar Gaza a cháineadh tá siúlóid 341km eagraithe chun tacú leis na Palaistínigh atá ag fulaingt.
Bhuail ionsaithe aeir Iosrael scoil de chuid na Náisiún Aontaithe, a thug dídean do theaghlaigh na Palaistíne easáitithe, chomh maith le dhá theach, ag marú ar a laghad 34 duine, lena n-áirítear 19 mná agus leanaí.
Cháin an Taoiseach agus an Tánaiste an t-ionsaí is deireanaí seo ar Gaza, agus rinne siad comhbhrón le foireann na Náisiún Aontaithe.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris nár cheart normálú a dhéanamh ar an gcontúirt saoil a thugann oibrithe deonacha orthu féin le fóirithint a thabhairt do dhaoine eile.
Agus dúirt sé: ‘Níos luaithe an tseachtain seo, chonaiceamar urchair scaoilte ag conmhua (convoy) de chuid na NA ag dáileadh vacsaíní pholaimiailítis (polio) chun leanaí a chosaint i nGaza, agus an fhoireann faoi bhagairt ag fórsaí míleata Iosrael.’
Cháin an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin an t-ionsaí freisin.
Anois tá siúlóid 341km, ‘Walk the Petition’, eagraithe chun tacaíocht a thabhairt do Bhille in aghaidh lonnaíochtaí mídhleathacha (illegal settlements).
Tosóidh ar an Satharn, 14 Meán Fómhair, ag 9am. Rachaidh grúpa beag daoine, ceathrar, amach ar shiúl ó Chathair Saidhbhín (Cahersiveen) , Co. Chiarraí, ar an gcéad chos de shiúlóid 341km go Dáil Éireann.
Is iarracht ollmhór é seo, a léiríonn don Rialtas cé chomh dáiríre agus atá an frustrachas ar phobail ar fud na hÉireann de réir mar a ligtear do na huafáis i nGaza agus ar an mBruach Thiar (West Bank) leanúint ar aghaidh, lá i ndiaidh lae os comhair ár súile.
Tá an achainí (petition) sínithe ag na mílte duine ar fud na tíre, ón diaspóra Éireannach agus ó ghníomhaithe ar fud an domhain.
Tá siad ag iarraidh An Bille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch a Rialú (Críocha faoi Fhorghabháil), 2018 – the Control of Economic Activity (Occupied Territories) Bill 2018 – a achtú.
Tá sé mar aidhm ag an mBille seo cuideachtaí in Éirinn a stopadh ó thrádáil le lonnaíochtaí mídhleathacha (illegal settlements) aon áit ar domhan, lena n-áirítear Iosrael, a sháraíonn a n-ionsuithe ar an mBruach Thiar an dlí idirnáisiúnta.
Ar an tsiúlóid, cuirfear an achainí ar aghaidh, ar bhealach sealaíochta, chuig siúlóirí sna bailte comharsanachta a leanfaidh leis an tsiúlóid.
Ar an mbealach, reáchtálfaidh grúpaí tacaíochta áitiúla na Palaistíne ‘vigils’ agus cruinnithe poiblí chun beannú do na siúlóirí agus iad ag teacht.
Satharn 14 – Cill Orglan (Killorglan)
Domhnach 15 – Mainistir na Féile (Abbeyfeale)
Luain 16 – Ráth Caola (Rathkeale)
Dé Máirt 17 – Ollscoil Luimnigh
Céadaoin 18 – Cill Dalua (Killaloe)
Déardaoin 19 – An tAonach (Nenagh)
Aoine 20 – Ros Cré (Roscrea)
Satharn 21ú – Port Laoise
Domhnach 22ú – Droichead Nua (Newbridge)
Dé Luain 23ú – Cill Droichid (Celbridge)
Dé Máirt 24 – 4.30pm, Dáil Éireann
Tógfaidh sé 11 lá agus tabharfar an achainí isteach i dTithe an Oireachtais; agus ina dhiaidh sin beidh ‘vigil’ síochána lasmuigh.
Tá an achainí ag iarraidh ar an Rialtas agus ar pholaiteoirí ó gach taobh seasamh agus ceannaireacht láidir a léiriú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.