Matt Molloy in aighneas faoi phlean do bhrú (hostel) in aice lena theach tábhairne (pub)

05/09/2024

Ceoltóir ó na Chieftains Matt Molloy agus daoine eile ag achomharc (appealing) ar chinneadh na Comhairle Contae cead a thabhairt d’fhorbairt brú (hostel) i monarcha nach bhfuil in úsáid

Tá Matt Molloy ó The Chieftains i gcoimhlint faoi phleananna chun iarmhonarcha (former factory), in aice lena bheár, a thiontú ina bhrú (hostel).

Tá clú agus cáil ar theach tábhairne Matt Molloy ar Shráid an Droichid, i gCathair na Mart (Westport), i gCo. Mhaigh Eo, mar gheall ar an gceol agus an craic.

Agus tá achomharc déanta ag an gceoltóir ar chinneadh na Comhairle le déanaí cead a thabhairt don bhrú.

D’iarr Molloy ar an mBord Pleanála cinneadh na Comhairle a chur ar ceal mar gheall ar lána ina sheilbh.

Tá Joe agus Marian O’Reilly, úinéirí tí tábhairne in aice leis, The Porter House, i gcoinne an bhrú freisin.

Tá sé beartaithe foirgneamh monarchan, sa charrchlós idir Sráid an Droichid agus Sráid Shéamais, a thiontú ina bhrú le hocht seomra.

Matt Molloy
Matt Molloy

Tá cáineadh déanta ag na tábhairneoirí ar phleananna an fhorbróra, Brendan Power, cosán a úsáid idir a n-áitreabh (premises) ceadúnaithe chun rochtain a fháil ar an bhforbairt.

Maíonn Molloy gur chuir an forbróir a lána san áireamh sna pleananna forbartha gan a chead.

Ina achomharc chuig an mBord Pleanála, maíonn sé nach bhfuil aon agóid i bprionsabal aige in aghaidh athchóiriú éigin san áit.

Áitíonn comhairleoirí (consultants) atá ag gníomhú ar son Molloy, áfach, nach bhfuil an moladh reatha ‘go bunúsach ag teacht le pleanáil cheart agus le forbairt inbhuanaithe an cheantair agus le cosaint cearta bunreachtúla agus reachtúla príobháideacha maidir le maoin’.

Dúirt na comhairleoirí (consultants) go gcuireann an fhorbairt bheartaithe isteach ar thalamh príobháideach ar le Molloy agus daoine eile é.

Thug comhairleoirí Molloy le fios don Bhord Pleanála go raibh an forbróir ag iarraidh comharthaíocht (signage)  agus píopaí uisce agus séarachais (sewage) a bheith sa lána.

Mhaígh siad nach bhfuil an chuma ar an scéal gur chuir Comhairle Contae Mhaigh Eo i bhfeidhm iarratas a pleanálaithe go gcuirfeadh an forbróir toiliú i scríbhinn ó aon úinéirí talún ar thailte atá in úsáid san fhorbairt.

Thug siad le fios freisin gur dhiúltaigh an t-údarás áitiúil agus an Bord Pleanála araon cead pleanála don athchóiriú atá beartaithe ar an monarcha ina árasáin le déanaí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram