Agus daltaí ag dul ar ais ar scoil, féadfaidh múinteoirí i mBaile Átha Cliath íocaíochtaí breise a fháil chun an costas maireachtála sa phríomhchathair a chlúdach.
Tá geallta ag an Aire Oideachais Norma Foley go bhfuil ‘gach rud ar an mbord’, agus brú ag teacht an Rialtas an tacaíocht a theastaíonn uathu a thabhairt do pháistí scoile an lae inniu.
Agus í ag tabhairt leid dá smaoineamh féin ar an ábhar, dúirt Ms Foley, atá ina TD do Chiarraí: ‘Ba mhaith liom a admháil go bhféadfadh dúshláin gheografacha a bheith ann.’
Tá fianaise ag dul i méid nach mbeidh ár bpáistí in ann staidéar a dhéanamh ar na hábhair a theastaíonn uathu mar gheall ar ghanntanas múinteoirí.
Cheana féin tá múinteoirí agus bainisteoirí scoile ag cur in iúl na rioscaí a bhaineann le hoideachas na ndaltaí, agus réiteach lárnach atá á lorg ná múinteoirí a spreagadh chun fanacht san oideachas in Éirinn.
Tá iarrtha ag Cumann Múinteoirí Éireann (Irish National Teachers’ Organisation, INTO) ar an Rialtas cruinniú éigeandála a thionól, le gach duine a bhfuil baint acu leis an ábhar, chun ‘réitigh láithreach agus gearrthéarmacha’ a fhorbairt, chun cabhrú le príomhoidí múinteoirí a earcú.
Ní raibh go leor scoileanna, go háirithe i mBaile Átha Cliath, in ann a ndóthain múinteoirí a fhostú mar gheall ar ghanntanas tithíochta agus cíosanna arda.
Nuair a fiafraíodh di an ndéanfadh an Rialtas machnamh ar liúntas múinteoirí a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath, dúirt Ms Foley: ‘Táimid ag féachaint ar na “levers” go léir atá ar fáil dúinn, agus féachfaimid ar níos mó de réir mar a théann an t-am ar aghaidh.
‘Táim sásta féachaint ar gach rud atá á chur ar an mbord.
‘Ba mhaith liom a admháil go bhféadfadh dúshláin gheografacha a bheith ann, agus tuigeann an Rialtas é sin.
‘Ní hamháin laistigh den earnáil oideachais ach, is dóigh liom, trasna gach earnála.’
Dúirt an tAire de chuid Fhianna Fáil go bhfuil bearta costais mhaireachtála á dtabhairt isteach sa Bhuiséad agus go bhfuil bearta eile á mbreithniú.
Dúirt an INTO, áfach, go bhfuil an ‘géarchéim ghéar’ ag bagairt go háirithe ar thodhchaí an bhunoideachais agus an oideachais speisialta, agus chuir siad i leith an Rialtais gur theip orthu pleanáil a dhéanamh do sholáthar múinteoirí mar is ceart.
Dúirt sé go bhfuil méadú ag teacht ar líon na múinteoirí atá ag fágáil Éire le bheith ag obair thar lear, agus go bhfuil iallach ar go leor eile saoire a ghlacadh mar gheall ar an easpa cúram leanaí inacmhainne.
Ag labhairt dó faoin moladh do liúntas i mBaile Átha Cliath, dúirt Gemma Tuffy ó Chumann na Meánmhúinteoirí in Éirinn (Association of Secondary Teachers, Ireland, ASTI): ‘Ní bhfuaireamar a leithéid de thogra ón Aire agus dá bhfaighimis, bheimis toilteanach breathnú air.’
Dúirt Ms Tuffy go bhfuil sé deacair folúntais a líonadh de bharr easpa post lánaimseartha do mhúinteoirí nuacháilithe.
Bíonn sé deacair ar mhúinteoirí óga cíos a íoc nó iasacht cairr a fháil ar thuarastal páirtaimseartha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.