Oasis ag teacht go Baile Átha Cliath – agus praghsanna óstáin ag €800 in aghaidh na hoíche cheana féin

27/08/2024

Tá sé fógartha ag Liam agus Noel Gallagher go bhfuil Oasis ag teacht ar ais le chéile chun roinnt gigeanna a dhéanamh – agus beidh dhá cheann i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo chugainn.

Tá Oasis ag teacht ar ais le chéile – agus níos fearr fós tá siad ag teacht go Baile Átha Cliath.

Mar sin féin, tá praghsanna óstáin i mBaile Átha Cliath curtha suas cheana féin ar na dátaí sin, de réir tuairisce ar nuacht RTÉ.

Tháinig scéalta amach faoin teannas idir Liam agus Noel Gallagher ag críochnú, le súil le camchuairt nua ag Oasis, ag an deireadh seachtaine.

Agus anois tá dátaí fógartha ag na deartháireacha as Manchain (Manchester) i bPáirc an Chrócaigh ar 16 agus 17 Lúnasa 2025.

Tá sé fógartha ag Liam agus Noel Gallagher go bhfuil Oasis ag teacht ar ais le chéile chun roinnt gigeanna a dhéanamh - agus beidh dhá cheann i bPáirc an Chrócaigh
Tá sé fógartha ag Liam agus Noel Gallagher go bhfuil Oasis ag teacht ar ais le chéile chun roinnt gigeanna a dhéanamh – agus beidh dhá cheann i bPáirc an Chrócaigh

Beidh ceolchoirmeacha eile ag Oasis i gCaerdydd (Cardiff), Manchain, Londain agus Dún Éideann (Edinburgh).

Mar sin féin, tá níos mó ná €800 á ghearradh ag roinnt óstáin i gcathair Bhaile Átha Cliath le haghaidh oíche amháin, ag am na gceolchoirmeacha , de réir RTÉ.

Bhris Oasis suas tar éis troid cúl stáitse ag féile Rock en Seine i bPáras.

D’éiligh tuarascáil ón Sunday Times go raibh na deartháireacha chun roinnt ceolchoirmeacha a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Áiríodh leo seónna ag Staidiam Wembley Londain agus Heaton Park i Manchain (Manchester).

Chaith Liam Gallagher cuid mhaith den Domhnach ag freagairt ráflaí ar X faoi theacht le chéile Oasis.

Dúirt sé ‘Níor thaitin an focal sin FORMER’ liom agus ansin phostáil sé ailt nuachta faoi na ráflaí teacht le chéile.

Ag a cheolchoirm ag an Reading Festival  tráthnóna Dé Domhnaigh, thiomnaigh sé an t-amhrán ó Oasis,  Half The World Away, dá dheartháir, ag rá: ‘Ba mhaith liom an t-amhrán seo a thiomnú do Noel Gallagher.’

Níos déanaí thiomnaigh sé Cigarettes & Alcohol do dhaoine a dúirt sé gur fuath leo an banna.

Chuaigh na baill den mbanna ceoil ar a mbealach féin tar éis na troda i 2009 ach bhí caidreamh suaite cheana féin idir na deartháireacha.

Ní labhraíonn siad lena chéile go fóill, de réir dealraimh, ach bhí tuairimíocht arís agus arís eile faoi theacht le chéile, sna blianta ina dhiaidh sin.

Noel agus Liam Gallagher
Noel agus Liam Gallagher

Fadhb amháin is ea an teannas idir Liam agus Sara MacDonald, iarbhean chéile Noel.

Bhí Sara agus Noel colscartha anuraidh, rud a chabhraigh leis an teannas idir an bheirt dheartháir a mhaolú.

D’éirigh thar barr le Liam lena bhanna féin, ach ba é an buaicphointe ná sraith ceolchoirmeacha inar chas sé amhráin ón albam de chuid Oasis, Definitely Maybe.

Lean a dheartháir lena bhanna féin, Noel Gallagher’s High Flying Birds, a bhfuil a lucht leanúna mór féin acu freisin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram